Tá sé ráite ag ceannaire Chomhaontas Glas, Roderic O'Gorman, go bhfuil seisean den tuairim gur chóir an t-olltoghchán a reachtáil ar 29 Samhain.
Thug sé le fios go bpléifeadh sé an dáta leis an Taoiseach agus leis an Tánaiste Dé Luain seo chugainn, ach creideann sé go láidir, a deir sé, go bhfuil sé in am soiléiriú a thabhairt don phobal.
Níos túisce, dúirt an tAire Airgeadais, Jack Chambers, go bhfuil sé ag súil go gcuirfear an Bille Airgeadais os comhair an Oireachtais arís ar 5 Samhain. Níl sé ag súil, a deir sé, go ndéanfar plé ar an mbille sa Dáil le linn na seachtaine amach romhainn.
Cuirfear na hathruithe a fógraíodh sa bhuiséad ag tús na míosa seo i bhfeidhm tríd an mBille Airgeadais. Tá ceannairí na bpáirtithe comhrialtais meáite ar an mbille sin a inachtú sula ndéanfar an t-olltoghchán a ghairm.