Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Rabhadh gaoithe Stádus Oráiste eisithe ag Oifig na hAimsire

18 DEIREADH FÓMHAR 2024, 11:22

Tá fainic curtha ag Oifig na hAimsire ar an bpobal a bheith cúramach ar na bóithre agus ar muir (íomhá chartainne)
X Facebook

Tá rabhadh gaoithe Stádus Oráiste eisithe ag Met Éireann agus Stoirm Ashley ag teannadh le hÉirinn. Baineann an foláireamh le Maigh Eo agus Gaillimh. Deir Oifig na hAimsire go mbeidh gaotha láidre aneas agus lán-rabharta Dé Domhnaigh.

Beidh an rabhadh i bhfeidhm ó mheánlae ar an Domhnach go dtí 9pm an oíche sin. Lena chois sin, beidh rabhadh gaoithe Stádus Buí i bhfeidhm maidir leis an tír ina hiomláine ó 10am go dtí meánoíche ar an Domhnach.

Is baolach freisin go ndéanfar díobháil do línte cumhachta, a deir Oifig na hAimsire (íomhá chartlainne)


Tá fainic curtha ag Oifig na hAimsire ar dhaoine a bheith cúramach ar na bóithre agus ar muir. Is baolach freisin go ndéanfar díobháil do línte cumhachta, a deir Oifig na hAimsire, agus d'fhoirgnimh nach bhfuil daingnithe.