Tá imní ar dhaoine in Inis Eoghain i gCo Dhún na nGall faoi thogra stórála fuinnimh atá beartaithe don cheantar.
D'fhreastail thart ar 150 duine ar chruinniú i mBun Cranncha aréir inar pléadh Togra Stórála Fuinnimh Bhaile na hAbhna, mar a bhfuil cead pleanála á lorg ag an gcomhlacht Future Energy Ireland le 248 ionad stórála cadhnraí a thógáil ar shuíomh seacht n-acra.
Dúirt daoine atá ag cur i gcoinne an togra go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheadh aige ar chúrsaí sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil, agus tá achainí ar líne curtha ar bun acu.
Chuir an comhlacht iarratas pleanála chuig Comhairle Contae Dhún an nGall i mí Mheán Fómhair agus táthar ag dréim le cinneadh i lár na míosa seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ