Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bonneagar fóirithinte sa Liobáin á scriosadh ag fórsaí Iosrael

17 DEIREADH FÓMHAR 2024, 09:59

Múr déanta ag na hIosraelaigh de shráidbhaile Douris i nGleann Bheiceá sa Liobáin, 15 Deireadh Fómhair 2024
X Facebook

Tá fógra tugtha ag fórsaí míleata Iosrael do dhaoine i nGleann Bheiceá in oirthear na Liobáine imeacht as an gceantar gan mhoill mar go bhfuil siad lena bhuamáil arís, a deir siad.

Tá an limistéar á bhuamáil go rialta ag na hIosraelaigh le trí seachtaine.

Deir na hIosraelaigh go mbeidh an chéad ionsaí eile dírithe ar bhonneagar de chuid Hezbollah in dhá cheantar ar leith.

Is minic a thugann na hIosraelaigh fógra imeachta do dhaoine i gceantair ar leith ach tá sé de nós acu freisin ceantair eile a ionsaí gan choinne ag an am céanna.

Maraíodh sé dhuine dhéag agus gortaíodh leathchéad in ionsaithe buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar bhaile Nabatiyeh i ndeisceart na Liobáine inné.

Bhí méara an bhaile i measc na ndaoine a maraíodh nuair a bhuail ceann de na diúracáin an halla bardais.

Bhí an méara agus oifigigh áitiúla eile i mbun cruinnithe ag an am faoi chabhair dhaonnúil a chur ar fáil do dhaoine a raibh a dtithe scriosta ag na hIosraelaigh cheana.

Deir Rialtas na Liobáine gur d'aon ghnó a d'ionsaigh na hIosraelaigh an cruinniú agus go léiríonn sin gur cogadh in aghaidh stát na Liobáine, chomh maith le Hezbollah, atá ar bun acu.

Tá sé curtha i leith na nIosraelach ag Coimisinéir an Aontais Eorpaigh, Janez Lenarcic, go bhfuil siad ag marú oibrithe fóirithinte sa Liobáin agus in Gaza araon.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ