Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An popamhránaí mór le rá Liam Payne tar éis bháis

17 DEIREADH FÓMHAR 2024, 14:57

Ba as Wolverhampton i Sasana Liam Payne ó dhúchas
X Facebook

Tá an popamhránaí mór le rá Liam Payne ón ngrúpa One Direction tar éis bháis san Airgintín. Bhí sé 31 bliain d'aois.

Tuairiscítear gur thit sé de bhalcóin ar an tríú hurlár den óstán a raibh sé ag fanacht ann sa phríomhchathair, Buenos Aires.

Deir na póilíní áitiúla gur chuir bainisteoir an óstáin fios orthu thart ar an am a tharla an tubaiste mar go raibh imní air faoi iompar dhuine de na haíonna.

Tháinig One Direction chun cinn tar éis dóibh seinm ar an X Factor in 2010 agus bhí an-tóir orthu i measc déagóirí go háirithe ar fud an domhain ina dhiaidh sin.

What Makes You Beautiful agus Story of My Life péire de na hamhráin is mó atá luaite leo.

One Direction in 2014

Cúigréad ab ea One Direction agus ba iad Niall Horan as an Muileann gCearr, Zayn Malik, Louis Tomlinson agus Harry Styles na baill eile den ghrúpa.

D'fhreastail Liam Payne ar cheolchoirm le Niall Horan in Buenos Aires coicís ó shin.

Chomh maith le hamhráin a chasadh, an-scríbhneoir amhrán ab ea Liam Payne agus chuaigh sé i gcomhar le ceoltóirí eile go minic – leithéidí Ed Sheeran, Charlie Puth and Ryan Tedder, cuir i gcás.

Thacaigh sé freisin le heagraíochtaí carthanachta éagsúla – Ciste na Náisiún Aontaithe do Leanaí, Comic Relief agus Trekstock ina measc.

Labhraíodh sé anois is arís chomh maith ar chúrsaí meabhairshláinte agus ar an ísle brí a thagadh air féin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ