Tháinig ardú 10.1% ar an meán ar phraghsanna tithe agus árasán sa dá mhí dhéag idir Lúnasa 2023 agus Lúnasa 2024, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
Sin an t-ardú bliantúil is mó ó Mheán Fómhair 2022.
Tá árais chónaithe 13.4% níos daoire anois ná mar a bhí siad sular baineadh an bonn den mhargadh go tobann in 2008.
€345,000 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe an mhí seo caite, de réir na bhfigiúirí úra.
€635,000 a bhíothas a iarraidh i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin i mBaile Átha Cliath le hais €175,000 i gCo an Longfoirt.
Tháinig ardú 10.8% ar phraghsanna i mBaile Átha Cliath trí chéile le hais ardú 9.6% ar an meán i ngach áit eile.
Ó thaobh tithe i mBaile Átha Cliath de, is ardú 9.5% a bhí ann. Ó thaobh árasán de, is ardú 10.1% a bhí ann.
Ba sa Chabhán, i nDún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach a bhí an t-ardú ba mhó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.
Ardú 15% ar an meán a bhí ann idir na cúig chontae sin.
Thar aon réigiún eile sa tír, ba sna ceithre chontae is gaire do Bhaile Átha Cliath a bhí an t-ardú ba lú, mar a bhí, 8%.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ