Tá an t-iarAire Rialtais le Fianna Fáil, Mary O'Rourke, tar éis bháis. Bhí sí 87 bliain d'aois.
Toghadh Mary O'Rourke chun na Dála den chéad uair i ndáilcheantar an Longfoirt-na hIarmhí i 1982.
Chaith sí seal ag tráthanna éagsúla idir 1987 agus 2002 mar Aire Oideachais, Aire Sláinte agus Aire Fiontar Poiblí.
Leascheannaire Fhianna Fáil a bhí inti idir 1994 agus 2002.
Múinteoir scoile ab ea Mary O'Rourke sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht, agus ba deirfiúr í leis an iarAire Rialtais Brian Lenihan a bhásaigh i 1995. Teachta Dála a bhí ina n-athair freisin.
Ba é an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh a cheap ina hAire Oideachais í i 1987 agus ina hAire Sláinte i 1991.
Ba é Bertie Ahern a bhí ina Thaoiseach i 1997 agus cheap seisean ina hAire Fiontar Polblí í i ndiaidh an olltoghcháin i samhradh na bliana sin.
Ba sa ról sin a shocraigh Mary O'Rourke ar Telecom Éireann a phríobháidiú i 1999.
Mhol sí do dhaoine scaireanna a cheannach sa chomhlacht príobháidithe ach chaill a lán daoine a lán airgid mar gheall ar an gcomhairle sin.
Chaill Mary O'Rourke a suíochán san olltoghchán in 2002.
Ceapadh chun an tSeanaid í ina dhiaidh sin agus d'fhan sí ann go dtí 2007, tráth a d'éirigh sí as an bpolaitíocht.
Bhásaigh fear céile Mary O'Rourke, Enda, in 2001. Bhí beirt mhac agus seisear garpháistí acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ