Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
2,299 cás nua Covid-19 in Éirinn, idir thuaidh agus theas
16 DEIREADH FÓMHAR 2020, 17:22
Covid 19: triúr eile básaithe, 1,000 cás nua

D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 1,000 cás nua ann. 

Fágann sé go bhfuil 1,841 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 47,427 duine ó thús na paindéime. 

I mBaile Átha Cliath atá 254 den 1,000 cás nua, tá 102 cás i gCo na Mí, 88 i gCorcaigh, 81 sa Chabhán, 75 i nGaillimh agus tá na 400 eile roinnte idir na contaetha eile. 

Tá 71% de na cásanna nua faoi bhun 45 bliain agus 31 atá san aois airmheánach.

Sa Chabhán is airde atá an ráta coicísiúil den ghalar - 735.1 duine in aghaidh gach 100,000. I dTiobraid Árann is ísle ata sé - 88.4 duine in aghaidh gach 100,000.

Dearbhaíodh níos túisce inniu go bhfuil beirt eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,299 cás nua ann. Sin an líon is mó cásanna fós in aon lá amháin sa Tuaisceart.

Fágann sé go bhfuil 608 duine básaithe le Covid-19 ó thuaidh agus go bhfuil sé tolgtha ag 25,177 duine ann.