Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
16 DEIREADH FÓMHAR 2020, 14:26
Leibhéal 5 ar fud na tíre á mholadh ag Foireann Éigeandála

Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag comhairilú go gcuirfí srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm i ngach áit sa tír ar feadh sé seachtaine.

Tá an chomhairle i litir a chuir an Fhoireann Éigeandála chuig an Aire Sláinte Stephen Donnelly aréir. 

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil an ghéarchéim Covid-19 an-tromchúiseach agus go mbeidh ar an Rialtas tuilleadh a dhéanamh agus an tír ag dul chun spairne leis an ngalar. 

Ag labhairt dó sa Bhruiséil, mar a bhfuil sé ag freastal ar chruinniú mullaigh an Aontais Eorpach, thug an Taoiseach le fios go mbuailfeadh sé le ceannairí eile an chomhrialtais amárach, chomh maith leis na hAirí Sláinte, Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí. 

Dúirt sé go ndéanfaidís dianmhachnamh ar an gcomhairle úr agus go ndéanfaidís beart cuimsitheach dá réir.

Phléigh an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan an scéal le hoifigigh Rialtais inniu. 

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go ndéanfadh an Rialtas a marana ar an gcomhairle agus go gcuirfidís cúrsaí sláinte poilbí chomh maith le cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta san áireamh. 

Mhaígh Leo Varadkar freisin nach raibh aon iontas air faoin moladh is deireanaí na Foirne Éigeandála. 

Tuigtear nach moltar go ndúnfaí scoileanna mar chuid de na srianta Leibhéal 5.