Gradam Ceoil TG4
Gradam Ceoil TG4 2024 | Scéim Sparánacht
Rinne Béal Feirste óstáil ar an ngradam cáiliúil, Gradam Ceoil TG4, ar feadh cúig bliana. D’fháiltigh cathair Bhéal Feirste roimh an deis aitheantas a thabhairt do na ceoltóirí cumasacha as gach cearn den oileán agus don phaisean spreagúil atá acu do cheol traidisiúnta na hÉireann. Chomh maith leis an mbrí agus an anam a chuir Gradam Ceoil TG4 sa saol ceoil áitiúil, rinneadh Cathair Cheoil UNESCO de Bhéal Feirste i mí na Samhna 2021, lenar tugadh aitheantas d’oidhreacht shaibhir cheoil na cathrach agus don tábhacht a bhaineann le ceol do thodhchaí na cathrach.
Mar gheall ar chomh maith agus a d’éirigh leis an nGradam i mBéal Feirste, chruthaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an chéad Scéim Sparánachta do Ghradam Ceoil TG4 i gcomhpháirtíocht le TG4, Ionad Ealaíon Duncairn agus Red Shoe Productions. Tá an scéim oscailte do thriúr ceoltóirí a sheinneann ceol traidisiúnta na hÉireann, atá lonnaithe i mBéal Feirste agus atá idir 18 – 25 bliain d’aois, agus faigheann siad sparánacht £3000 chomh maith le tacaíocht, oiliúint agus meantóireacht luachmhar.
Bhí tionchar dochreidte ag na sparánachtaí ar ghairmeacha na mbuaiteoirí óga, de bharr go raibh siad in ann forbairt a dhéanamh ar a gcuid ceoil, agus toisc gur chuir sé go leor deiseanna nua ar fáil dóibh, ar nós deis a bheith ar an teilifís náisiúnta agus ar an raidió.
Cian McGrory
Is as Co an Dúin do Chian McGrory, fear a sheinneann go leor uirlisí ceoil chomh maith le bheith ina mhúinteoir ceoil. Is iad an giotár agus an phíb uilleann na sainréimsí ceoil atá aige. Chuaigh píobaireacht Phádraig McGovern agus Mick O’Brien i bhfeidhm ar a chuid ceoil, chomh maith le daoine a raibh tionchar acu ar athbheochan an cheoil thraidisiúnta, leithéidí Frankie Gavin agus Charlie Lennon. Tá sé tar éis staidéar a dhéanamh freisin ar cheol na gceoltóirí atá tagtha chun cinn le tamall anuas, Mícheal Ó Raghallaigh, Cormac Begley agus Dave Sheridan.
Bhí sé gafa leis an gceol ó thús, tógadh é i dteaghlach a bhfuil féith an cheoil iontu, i gceantar Bhéal Feirste. Is í an t-amhránaí aitheanta Brigid O’Neill a mháthair agus tá aithne mhaith ar a athair Bara agus ar a aintíní Clodach agus Orla i measc lucht an cheoil thraidisiúnta. Tá Gaeilge líofa ag Cian agus d’fhreastail sé ar Choláiste Imeasctha Shimna sa Chaisleán Nua sula ndeachaigh sé ar aghaidh go dtí Institiúid BIMM i mBaile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim onóracha amach sa Nua-Cheol Tráchtála.
Agus spéis aige i réimse leathan stíleanna ó cheol traidisiúnta na hÉireann go dtí na gormacha, tá Cian ag dul i bhfeidhm ar shaol an cheoil i mBéal Feirste faoi láthair. Mar phíobaire agus mar ghiotáraí, bíonn sé ag coimeád agus ag óstáil seisiúin cheoil thraidisiúnta go rialta ar fud Bhéal Feirste d’ionaid agus d’fhéilte tábhachtacha ar nós Féile an Phobail agus Trad Fest Bhéal Feirste. Mar ghiotáraí seinneann sé i roinnt bannaí cumaisc, agus é ag meascadh ceol traidisiúnta, ceol tíre agus ceol rithim agus gormacha le chéile agus tá sé tar éis ceol a chasadh in ionaid mór le rá ar nós an Black Box i mBéal Feirste agus Whelan’s i mBaile Átha Cliath.
Peter McKenna
Is píobaire óg den scoth atá ag teacht chun cinn go tapa é Peter McKenna as Eochair, Co. Thír Eoghain. Thug sé leis Craobh Uile-Éireann ar an bpíb uilleann cúig huaire, agus tá sé go mór faoi thionchar na máistirphíobairí ar nós Paddy Keenan, Padraig McGovern agus Tiarnán Ó Duinnchinn. Mhúin Tiarnán Ó Duinnchinn é i gClub Píobairí Ard Mhacha mar ar fhoghlaim sé a cheird. Tá sé feicthe ar go leor cláracha teilifíse agus raidió ar nós Hup!, Geantraí, Fleadh TV, Céilí House agus Raidió na Gaeltachta agus bhí páirt mhór aige i gclár faisnéise a rinne an BBC faoin bhFleadh Uile-Éireann i nDoire sa bhliain 2013.
Tá seanchleachtadh ag Peter ar bheith ar stáitse, agus sheinn sé mar ealaíontóir aonair ag féilte ceoil ar fud na hÉireann agus na hEorpa. Chas sé os comhair lucht féachana ar fud Nua-Eabhrac anuraidh lena theaghlach nuair a bhí Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh agus an Taoiseach ag an am Micheál Martin agus ambasadóirí domhanda chuig na Náisiúin Aontaithe i láthair. Ar na féilte eile bhí Féile Phádraig O’Keefe, Tionóil Píobaireachta an NPU, Scoil Samhraidh Willie Clancy agus bhí sé i gceannas ar Phíb an Chailín Rua ag Féile Padua san Iodáil in 2023. Is aoi-ealaíontóir é ar an gcéad albam a chuir a dheirfiúr, Sinéad McKenna, amach, ‘Faoi Lán Ceoil’ (2024).
Tá cónaí air i mBéal Feirste faoi láthair agus é ina bhall gníomhach de Chomharchumann Píobaireachta Bhéal Feirste, ag múineadh agus ag seinm mar aoiphíobaire. Sheinn sé ar fud na cathrach ag go leor imeachtaí mór le rá in ionaid ar nós Waterfront Hall, Halla na Cathrach i mBéal Feirste, Ollscoil na Banríona agus i gColáiste Ollscoile Naomh Muire do Lá Idirnáisiúnta na Píobaireachta Uilleann, áit a bhfuil sé ag staidéar le bheith ina mhúinteoir bunscoile. Bhí ról lárnach aige i mbunú seisiún píobaireachta seachtainiúil ‘Piping Trad’ a bhíonn ar siúl gach Domhnach agus eagraíonn sé seisiún i lár na seachtaine sa mhol cultúrtha seanbhunaithe, Madden’s Bar.
Miadhachlughain O’Donnell
Is amhránaí agus seinnteoir iluirlisí 24 bliain d’aois as Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin í Miadhachlughain O’Donnell, nó Múlú mar is fearr aithne uirthi go proifisiúnta. Tá Gaeilge líofa aici agus spéis mhór a bheith ag coimeádaíocht agus ag casadh amhráin Ghaeilge. Tá an-suim aici freisin i dtraidisiún na n-amhrán tíre. Fuair sí maoiniú ón gComhairle Ealaíon roimhe seo dá cuid imeachtaí taighde agus taibhithe.
Mar ealaíontóir aonair, úsáideann sí an bosca shruti – gléas ceoil ón India atá cosúil leis an armóiniam – mar tionlacan dá guth agus canann sí amhráin thraidisiúnta Ghaeilge ina dteanga dhúchais. Is iar-fhliúiteadóir í chomh maith agus tugann sí é seo isteach freisin agus í ag seinm leis an triúr eile, Tommy Moynagh (bodhrán, giotár) agus Ciara Maguire (an fhidil)
Tá stair ag muintir Mhúlú, muintir McSherry, le ceol traidisiúnta na hÉireann a théann siar go dtí na 1980idí. Rinne a máthair Tíona McSherry (feadóg mhór, guth), a huncailí John (píb uilleann) agus Paul (giotár) agus a haintín Jo (fidil) taifeadadh agus chuaigh siad ar chamchuairteanna idirnáisiúnta faoin ainm Tamalin suas go dtí lár na 90idí. Tá an ceathrar acu gníomhach i gcúrsaí ceoil ar shlite éagsúla ó shin i leith – tá Tíona, mar shampla, ag eagrú na Féile bliantúla Soma i gCaisleán Uidhilín ó 2013, agus timpeallacht á cruthú ar an mbaile atá lán de cheol tíre agus de cheol traidisiúnta. Ina theannta sin, bhí sí i gcónaí i measc lucht leanúna na Beatles agus chuir sí guthanna taca ó am go chéile le taifeadadh rac-cheoil. Ó thaobh Mhúlú de, níl ann ach an ceol!
Bhí tionchar ag go leor amhránaithe móra de chuid na hÉireann ar Mhúlú, ina measc Cathy Jordan (Dervish), Padraigín Ní Uallacháin, Lasairfhíona, Albert Fry agus Emma Ní Fhíoruisce.
In 2022 bhí Múlú le feiceáil ar BBC NI agus í ag casadh ‘Amhrán an Phúca’. I mí Eanáir 2023, sheol sí a céad EP (fisiciúil/digiteach) Sásta a bheith anseo, le tionlacan ó Myles McCormack, Joe Campbell McArdle agus Tommy Moynagh. Tá a EP ainmnithe don Eisiúint Nua is Fearr ag Gradam Nós 2024 ó shin, chomh maith le go bhfuair sí ainmniúcháin eile don Saothar Ealaíne is Fearr agus don Ealaíontóir is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn. Ní hamháin gur chaith Múlú an bhliain seo caite ar camchuairt lena grúpa féin, ach bhí sí leis an ngrúpa nua tradtronica Huartan agus ina ball nua de Afro Celt Sound System chomh maith. Tá ACSS ag súil go mór le camchuairt a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair ar níos mó ná 15 dáta, agus tá go leor rudaí iontacha ar na bacáin ag Huartan don bhliain 2024, lena n-áirítear a gcéad EP a eisiúint agus dul ar chamchuairt.