Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Na Moltóirí


Nóta Neil Martin – Cathaoirleach Choiste Roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4 2024

Nach iontach go deo an méid atá bainte amach ag an gceol agus ag an damhsa traidisiúnta ó 1998, nuair chuirtear le chéile fís Mary McPartlan agus cumas TG4 an fhís sin a thabhairt chun fíre. Buaicphointe a bhí ann i ndialann bliana an cheoil thraidisiúnta, iad ag lascadh leo ón tús, treibh iomlán de cheoltóirí agus daoine a bhfuil dúil acu sa cheol agus iad ar bís le tabhairt faoi. Ceiliúradh, aitheantas, spleodar, ardán atá ann – agus is é ag dul amach ar fud an domhain, á chraoladh timpeall an domhain agus na mílte ag breathnú air. Ach taobh thiar den mhustar ar fad, cuidíonn sé le rud éigin atá ar leibhéal eile, rud atá beagnach dobhraite. Tugann sé ugach atá ríthábhachtach agus suntasach do gach buaiteoir, bíodh sé tar éis Ceoltóir Óg nó Ghradam Saoil TG4 a bhuachan. Neartaíonn sé an duine ar bhealach atá thar a bheith pearsanta, agus tugann sé misneach do na buaiteoirí coinneáil orthu leis an rud a gcreideann siad ann, an rud atá go smior iontu – iad féin a chur in iúl agus a gcroí a nochtadh don saol mór. San amhrán, san fhonn, sa chéim – nochtann an taibheoir a chroí agus a anam, agus chun é sin a dhéanamh teastaíonn scil agus misneach dochreidte. Agus le go bhféadfaidh an duine sin istigh ann féin, a bhíonn in amanna goilliúnach, bláthú ar nós rud ar bith atá ag fás, caithfear é a bheathú. Sin a dhéanann Gradam Ceoil TG4.

Agus an domhan ag éirí níos saolta agus spiorad agus cumas smaointeoireachta an duine daonna ar a laghad faoi scáil / faoi bhagairt an AI, ba cheart go mbeadh níos mó meas ná riamh ar an rud atá barántúil. Insíonn ár gceol agus ár n-amhráin agus ár ndamhsa an fhírinne fúinn. Is mar gheall air sin, agus muid ag breathnú cinn, go gcaithfimid níos mó measa a bheith againn ar na Gradaim seo. Spreagann siad caidreamh idir na daoine agus cothaíonn siad croí na féiniúlachta. Agus tá sé sin thar mholadh beirte.
 


Neil Martin

Is cumadóir agus ceoltóir é Neil Martin, a rugadh i mBéal Feirste agus a bhfuil gairm bheatha an-éagsúil agus an-tairbheach aige. I measc an cheoil atá cumtha aige le déanaí tá ceoldráma – Nobody/Somebody (2023), coinséartó veidhlín – dall’ombra (2022), an píosa a chum sé le haghaidh Lost Lives (2020) agus a bhain duaiseanna RTS amach, cumadóireacht don amharclann agus ceol aireagail. I measc saothar eile tá – Sweeney (2018), timthriall amhrán ceolfhoirne; ochtréad, The Helping Hand (2017); this is an Irish dance (2015) disréad le haghaidh rinceoir agus dordveidhleadóir; píosa cumadóireachta le haghaidh De Profundis Oscar Wilde (2017); An Siansa Córúil OSSA (2007).

Mar dhordveidhleadóir agus mar phíobaire uilleann d’oibrigh Neil le go leor de na healaíontóirí is mó le rá, ó Liam O’Flynn, Bryn Terfel, Seamus Heaney, Sam Shepard, Christy Moore, Stephen Rea, Josh Groban, Jean Butler agus Barry Douglas go dtí an LSO, RPO agus na príomhcheolfhoirne uilig in Éirinn. Tá ceol cumtha aige do dhrámaí ar Broadway, sa West End agus san Eoraip, agus tá a chuid ceoil ar níos mó ná céad albam. I measc na n-ionad taibhithe inar sheinn sé tá Carnegie Hall agus an Palazzo Vecchio agus tá an obair cheannródaíoch a rinne sé leis an West Ocean String Quartet molta ar fud an domhain, agus níos faide i gcéin … seinneadh a gcuid taifeadtaí ar bord an Stáisiúin Spáis Idirnáisiúnta.
 


Liam O’Brien

D’fhás Liam, ar as Sráid na Cathrach ó dhúchas é, aníos i dteaghlach a bhfuil féith an cheoil ann. Thosaigh sé ag foghlaim na feadóige stáin óna mháthair Bríd nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois agus bhog sé ar aghaidh go dtí an consairtín ina dhiaidh sin. Rinne sé staidéar ar an gconsairtín faoi lámh Noel Hill agus thosaigh sé féin á mhúineadh nuair a bhí sé sé bliana déag. Bhain Liam BA sa Cheol agus Damhsa Traidisiúnta amach in Ollscoil Luimnigh agus bhuaigh sé Gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 in 2017. Ina dhiaidh sin, bhain Liam Máistreacht sa Léiriú agus Stiúradh Scannáin amach agus tá sé ag obair i nGaillimh anois le Nuacht RTÉ & TG4. Bíonn Liam ag múineadh ag féilte agus coláistí in Éirinn agus thar lear lena n-áirítear Scoil Samhraidh Willie Clancy agus Dámh Chruinne Éireann. Bíonn Liam fós i mbun ceardlanna consairtín agus bíonn sé ag ceol ar fud an domhain i dtíortha ar nós na Seapáine, Stáit Aontaithe Mheiriceá, na Tansáine agus ar fud na hEorpa.
 


Liz Doherty

Is fidléir, oideachasóir, comhairleoir ealaíon agus léiritheoir í an Dr Liz Doherty as Co. Dhún na nGall.
Is í a bhunaigh agus a stiúrann I Teach Trad, a chuireann oiliúint agus forbairt ghairmiúil ar fáil do mhúinteoirí an cheoil thraidisiúnta. I measc a cuid dintiúir acadúla tá PhD (ceol fidle Cape Breton) agus d’oibrigh sí mar léachtóir ar an gceol traidisiúnta ó 1994, in UCC agus in Ollscoil Uladh, i nDoire agus i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus san Astráil. Tugadh aitheantas d’ardchaighdeán a cuid teagaisc nuair a bronnadh Comhaltacht Náisiúnta Teagaisc uirthi ón Acadamh Ardoideachais in 2018. Chomh maith le líon suntasach leabhar agus páipéar a bheith foilsithe aici, sheinn agus thaifead Liz le Mícheál Ó Súilleabháin agus le Ceolfhoirne Siansa agus Ceolchoirme Náisiúnta RTÉ, Riverdance -The Show, agus leis na bannaí String Sisters, Bumblebees agus Nomos; tháinig Fiddlesticks, an banna a bhunaigh agus a stiúraigh sí le linn di a bheith i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le chéile arís le déanaí agus sheinn sé ag Celtic Connections 2024. Ghlac sí páirt i mbreis agus 20 taifeadadh, lena n-áirítear 2 eisiúint aonair. I measc shaothar Liz ó thaobh léiriúcháin de tá Samhlú (TG4) a bhfuil gradaim buaite aige, agus an tsraith Fleadh de chuid TG4 (2020-). D’oibrigh sí leis an gComhairle Ealaíon, áit ar thug sí isteach an clár maoinithe Deis d’ealaíontóirí traidisiúnta agus bhí sí ina ball de Shainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann (2018-2024).
 


Iarfhlaith Ó Domhnaill

Is fidléir agus déantóir scannáin faisnéise as Cill Charthaigh, i gCo. Dhún na nGall é Iarfhlaith. Tá sé ag obair faoi láthair mar Léiritheoir Faisnéise do South Wind Blows, agus scannáin faisnéise á gcur ar fáil aige don phictiúrlann/don chraoladh agus ceolchoirmeacha agus imeachtaí ceoil don fhéile cheoil Other Voices sa Daingean. D’oibrigh Iarfhlaith roimhe seo do Thaisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) mar Bhainisteoir Airgeadais agus mar Léiritheoir/Eagarthóir Faisnéise. Tá sé ina Chisteoir anois ar Bhord an ITMA. Cuirfidh Iarfhlaith a chéad albam, The Devil’s Dream, amach in 2024, in éineacht leis seinnteoir pianó Natalie Ní Chasaide.
 


Nell Ní Chroinín

Tógadh Nell Ní Chróinín i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Bhí ceol aici ó gach taobh – ó Mhuintir Riordáin agus Mhuirithe Chúil Aodha, agus ó Chróinínigh Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Nuair a bhí Nell aon bhliain déag, ghlac sí páirt i Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal. Is ansin a tháinig sí faoi thionchar Mháire Ní Chéilleachair, amhránaí den scoth, óna bhfuair sí stór mór d’amhráin an cheantair agus bhailigh sí tuilleadh ó amhránaithe áitiúla eile, Eoiní Madhicí Ó Súilleabháin agus Eilís Ní Shúilleabháin ina measc siúd. B’é toradh na hoibre seo gur thug Nell léi Corn Uí Riada in 2014 agus bronadh Gradam Ceoil TG4, Amhránaí na Bliana uirthi in 2012. Faoi láthair is í an príomhamhránaí í leis an ngrúpa Danú agus téann sí ar chamchúirteanna ar fud na cruinne leo.
 


Ellie Byrne

Chaith Ellie Byrne ocht mbliana déag mar Bhainisteoir Preasa agus Taibhealaíon in Acadamh Domhanda na hÉireann in Ollscoil Luimnigh, faoi stiúir an Ollaimh Mícheál Ó Súilleabháin, nach maireann. In 2014, d’fhág sí OL chun a fiontar bainistíochta PR agus ealaíon féin a bhunú, EB Promotions. Ó bunaíodh é, tá ceoltóirí, damhsóirí, ealaíontóirí aonair agus bannaí a dteastaíonn seirbhísí bainistíochta preasa uathu ag roghnú an chomhlachta. I measc na n-ealaíontóirí mór le rá a ndearna sí ionadaíocht orthu tá Altan, Declan O’Rourke, Martin Hayes, Karan Casey, Kevin Burke, The Kilfenora Céilí Band & Eiriú Dance Company. Tá sí lonnaithe i gCill Chaoi, i gContae an Chláir.