Gradam Ceoil TG4
Na Deirfiúracha Kane – Grúpa Ceoil
Beathaisnéis
Is as Conamara Thuaidh iad, Liz agus Yvonne Kane, ar a dtugtar na Deirfiúracha Kane, ceoltóirí agus oideoirí a bhfuil ardmheas orthu. Rugadh na Deirfiúracha Kane i Leitir Fraic agus fuair siad a gcuid oideachais i Scoil Mhainistir na Coille Móire. Is í an ceoltóir den scoth agus múinteoir ceoil as Sligeach, Mary Finn agus a seanathair, Jimmy Mullen, a mhúin an ceol dóibh.
Bhí Liz agus Yvonne, ó bhí siad an-óg, faoi thionchar mór ag ceol traidisiúnta Shligigh agus Oirthear na Gaillimhe, go háirithe, ceol an chumadóra den scoth agus a raibh an fhidil á seinm aige freisin, Paddy Fahey. Bhain Liz agus Yvonne cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach den chéad uair le linn na tréimhse trí bliana a raibh siad ar camchuairt leis an mboscadóir, Sharon Shannon, mar chomhaltaí dá banna ceoil, na Woodchoppers. Thaistil siad ar fud an domhain le Sharon Shannon agus tá siad ar na ceoltóirí atá le cloisteáil ar albam Sharon ‘The Diamond Mountain Sessions’.
Tar éis na tréimhse seo ar camchuairt le Sharon Shannon, rinne siad cinneadh bualadh faoin gceol astu féin agus rinne siad taifeadadh ar a gcéad albam sa bhliain 2002, dar teideal ‘The Well Tempered Bow’. Chuaigh na Deirfiúracha Kane ar camchuairt in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe tar éis dóibh a gcéad albam a thabhairt amach agus lean siad leis sin agus thug siad amach an dara halbam ‘Under the Diamond’ sa bhliain 2004 agus an tríú halbam sa bhliain 2010 ar a dtugtar ‘Side by side’. Sa bhliain 2022, thug siad amach an cheathrú halbam ‘In Memory of Paddy Fahey’, albam ar a raibh cúig cinn déag (15) de
phoirt a chum Paddy Fahey chomh maith le roinnt poirt nua ó Liz agus Yvonne. Tá sceideal daingean teagaisc ag na deirfiúracha, atá lonnaithe i Leitir Fraic, le líon mór daoine atá ag iarraidh an fhidil a fhoghlaim, go háitiúil agus go fíorúil araon.