Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Jean Butler – Gradam Saoil

Pic – John Midgely

Beathaisnéis

Tá an damhsóir, an cóiréagrafaí agus Stiúrthóir Ealaíne Our Steps, Jean Butler, mar dhuine mór le rá i saol an damhsa chomhaimseartha Ghaelaigh. Rinneadh an chéad léiriúchán ar an saothar is deireanaí léi, saothar promanáide, suíomh-oiriúnaithe dar teideal ‘What We Hold’ ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair, 2022, Nua-Eabhrac) agus fuair an saothar moladh mór. Cuireadh ‘What We Hold’ os comhair phobal Mheiriceá Thuaidh den chéad uair i bhFeabhra 2024 san Irish Arts Center agus díoladh amach gach ceann den 30 seó. Thacaigh agus léirigh an Chomhairle Ealaíon, Amharclann na Mainistreach (Baile Átha Cliath), Ionad Ealaíon Baryshnikov (Nua-Eabhrac) Tionscadal Danspace (Nua-Eabhrac) Féile Rince Bhaile Átha Cliath, Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, Ionad Ealaíon na hÉireann (Nua-Eabhrac), Jacobs Pillow (MA), The Joyce (Nua-Eabhrac), Kennedy Center (D.C.), Project Arts Centre (Baile Átha Cliath), agus an Seamus Heaney Homeplace (Tuaisceart Éireann) saothair a bhí curtha i gcrích aici roimhe seo agus faoi láthair.

Sa bhliain 2018, bhunaigh Jean Butler Our Steps, eagraíocht sheachbhrabúsach a bhí tiomanta do leathnú a chur ar an mbealach a dtugaimid stair, cleachtas agus léiriú damhsa Ghaelaigh chun cuimhne. I gcomhpháirtíocht leis an Jerome Robbins Dance Division ó Leabharlann Phoiblí Nua-Eabhrac, chuir Our Steps tús le Our Steps, Our Story: An Irish
Dance Legacy Archive’. Go dtí seo, tá os cionn 200 uair an chloig d’acmhainní físeáin agus fuaime nach raibh curtha os comhair an phobail riamh cheana cruthaithe ag an gcartlann seo atá ag leathnú de shíor, damhsa aonair agus damhsa seit agus stairsheanchas a chlúdaíonn seachtó bliain den stair ó Éirinn, Sasana, Albain, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada.

Bhí Jean Butler i mbun teagaisc in Ollscoil Princeton, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in Ionad Domhanda Ollscoil Notre Dame, Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil, Ollscoil Luimnigh agus an Glucksman Ireland House, NYU. Chuir sí tús lena gairm i mbun taibhithe i Nua-Eabhrac i Greenfields of American le Mick Moloney. Chaith Jean sé bliana ar camchuairt leis The Chieftains sular thug sí faoi chóiréagrafaíocht a dhéanamh sna bunléirithe damhsa Ghaelaigh Riverdance agus Dancing on Dangerous Ground mar aon le bheith ag damhsa iontu. Is iomaí gradam agus onóir mór le rá atá bronnta uirthi.

Is iníon í Jean le Josephine Byrne Butler, ó Bhéal Átha hAmhnais, Contae Mhaigh Eo agus scoláire de chuid an mháistir damhsa, Donny Golden atá lonnaithe i Nua-Eabhrac.