Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Cairdeas na bhFidiléirí – Gradam Comaoine

Beathaisnéis

Bunaíodh an eagraíocht seo i dtús na 1980idí chun tacú le agus ceird na fidléireachta a chur chun cinn i dtraidisiún Dhún na nGall. Tá sé mar mhisean croíláir ag an eagraíocht faoi stiúir an cheoltóra/an taighdeora agus an údair,

Caoimhín MacAoidh agus an déantóir fidle, Rab Cherry, an fhidléireacht i nDún na nGall a neartú ón bhonn aníos agus caighdeáin a fheabhsú, rannpháirtíocht a chur chun cinn i ngach gné de cheol fidle Dhún na nGall agus tarchur stíl agus repertoire Dhún na nGall a spreagadh. Áirítear ar phríomhimeachtaí na heagraíochta, Scoil Samhraidh Fidléirí Dhún na nGall bhliantúil i nGleann Cholm Cille agus Cruinniú Fhidléirí Dhún na nGall Dheireadh Fómhair sna Gleannta. Tá bailiúchán saothair suntasach taifeadtaí le fidléirí eisithe ag Cairdeas na bhFidiléirí, ón am atá caite agus ón am i láthair araon agus comhroinneann saibhreas eolais maidir le stíleanna fidléireachta agus an stair agus an béaloideas a bhaineann leis an gceird ar a láithreán gréasáin, dongealfiddlemusic.ie. Cuirtear sraith ceachtanna fidle ar fáil ar an láithreán gréasáin seo freisin le fidléirí comhaimseartha Dhún na nGall chomh maith leis an tionscadal uathúil, Tírdhreach Ceoil, cartagrafaíocht maidir leis na fidléirí agus lena gcuid scéalta ar fud an chontae.

Tá lorg buan fágtha ag an iarracht ollmhór atá déanta ag Cairdeas na bhFidiléirí ó thaobh an traidisiún áitiúil a chaomhnú agus pobal ceoil bríomhar a chothú i nDún na nGall agus níos faide ó bhaile ná Dún na nGall. Tá a thionchar le brath ar gach fidléara sa chontae, ó dhaoine cáiliúla amhail Tommy Peoples go fidléirí comhaimseartha amhail Mairéad Ní Mhaonaigh, agus réaltaí atá ag teacht chun cinn amhail Megan Nic Fhionnghaile. Tá an ghlúin éagsúil agus fuinniúil d’fhidléirí comhaimseartha ar fud Dhún na nGall mar theistiméireacht ar thionchar ollmhór maidir leis an méid atá bainte amach ag an eagraíocht seo.

Feidhmíonn Cairdeas na bhFidiléirí mar eagraíocht dheonach sheachbhrabúsach agus déantar aon ioncam a chruthaítear a infheistiú go díreach in imeachtaí, cláir, foilseacháin, tionscadail agus tacaíocht do cheoltóirí na heagraíochta. Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do mhisean na heagraíochta a chuireann tacaíocht airgid ar fáil atá ríthábhachtach don obair seo.