Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Derek Hickey – Ceoltóir na Bliana

Beathaisnéis

Is ó Áth Dara i gContae Luimnigh é Derek Hickey. Bíodh an fhidil á seinm ag a sheanaithreacha agus chuir sé tús le gairm bheatha an cheoil agus gan é ach deich mbliana d’aois, nuair a d’fhág uncail leis a bhosca ceoil ina dhiaidh i dteach cónaithe an teaghlaigh. Lean Derek ar aghaidh agus bhí sé ag seinm poirt damhsa laistigh de chúpla seachtain cé nár chuir sé tús le ranganna – faoi stiúir Dónal de Barra – go dtí go raibh sé dhá bhliain déag d’aois. Chuir sé tús lena ghairm bheatha ar bhonn gairmiúil nuair a chuaigh sé le Banna Céilí Chois na Sionainne a bhunaigh teaghlach Liddy. Théadh an banna ar camchuairteanna ar Shasana agus ar fud na hEorpa.

Sa bhliain 1991, d’iarr Frankie Gavin ar Derek dul i bpáirt leis do na seisiúin rialta a bhíodh san óstán a bhíodh ar léas aige an uair sin i gCinn Mhara, Contae na Gaillimhe. Bliain ina dhiaidh sin agus gan é ach ocht mbliana déag d’aois, chuaigh Derek le Arcady, banna Johnny ‘Ringo’ McDonagh in éineacht le Frances Black, Brendan Larrisey agus Patsy Broderick. Áirítear ar aoicheoltóirí eile a bhí sa bhanna, Sharon Shannon, Cathal Hayden agus Gerry O’Connor.

Sa bhliain 1995, chuaigh Derek le De Dannan, rinne siad taifeadadh ar dhá albam chomh maith lena bheith ag taistil go dtí gur scoir an banna ceoil sa bhliain 2003. Tá Derek ina theagascóir bosca cnaipí ar chúrsa BA sa Cheol agus sa Damhsa Gaelach i nDámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil in Ollscoil Luimnigh. Thug Derek taispeántas sa bhliain 2023 sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath mar chuid den tríú sraith de ‘Drawing from the Well’ de chuid Thaisce Cheol Dúchais Éireann. Tá Derek aitheanta i bhfad agus i ngearr mar dhuine de na ceoltóirí Éireannacha is mó le rá agus is mó a bhfuil tionchar aige mar bhoscadóir agus mheas a chomhcheoltóir, Dermot Byrne, go raibh a albam sa bhliain 2022 thar barr ar fad, “taifeadadh sárchliste” a thug sé air.