Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Siobhán Peoples – Ceoltóir na Bliana

Beathaisnéis

Tá Siobhán Peoples, as Inis i gContae an Chláir, báite sa veidhleadóireacht agus sa cheol Gaelach ó bhí sí aon bhliain déag. Tá cumasc d’oidhreacht Thír Chonaill agus d’oidhreacht an Chláir ag rith le dúchas an cheoil aici; b’fhidléir iomráiteach as Dún na nGall Tommy Peoples, a hathair agus bhíodh Kitty Linnane, a seanmháthair, ag casadh pianó le Banna Céilí Chill Fhionnúrach.

Tá Siobhán ina teagascóir dúthrachtach in Ollscoil Luimnigh le fiche bliain agus níos faide agus taitníonn léi a bheith ag múineadh ar fud na hÉireann agus na hEorpa. Is iomaí ceoltóir, go logánta, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta arb é díograis Shiobháin i mbun teagaisc an spreagadh is mó a bhí acu.

Chomh maith lena cuid múinteoireachta, is mór an tairbhe atá déanta ag Siobhán i saol an cheoil i mbaile Inse. Bhí páirt shuntasach aici in athbheochan Fhéile Cheol Traidisiúnta Inse agus rinne sí fónamh ar feadh na mblianta ar an gcoiste.

Le teann measa ar a cuid saothair, bronnadh gradam MÓRglór na bliana 2023 ar Shiobhán, mar chomóradh ar an dua a chaitheann sí leis an gceol traidisiúnta a chur chun cinn agus a bhfuil bainte amach aici mar a bheadh sí ina hambasadóir maidir leis an ealaín thraidisiúnta i gContae an Chláir.