Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Ryan Molloy – Cumadóir na Bliana

Beathaisnéis

Is cumadóir agus ceoltóir é Ryan Molloy as Pomeroy, Contae Thír Eoghain, atá ina chónaí i gCill Dara faoi láthair. Tá taifeadadh déanta aige ar bhreis is tríocha albam agus clúdaíonn a repertoire líon seánraí ó cheol traidisiúnta na hÉireann go ceol clasaiceach comhaimseartha. D’oibrigh Ryan le líon ceoltóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu, ar nós, Fergal Scahill, Seán Óg Graham, Paddy Glackin, Iarla Ó Lionáird, North Cregg, Barry Kerr, Danish String Quartet, Ceolfhoireann Uladh, agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, i measc go leor eile.

Tá breis is caoga saothar scríofa aige agus tá siad sin curtha i láthair lucht féachana ar fud ceithre ilchríoch le fiche bliain anuas, chomh maith le bheith le feiceáil go rialta i gcraoltaí náisiúnta agus idirnáisiúnta teilifíse agus raidió (lena n-áirítear, BBC, RTÉ, TG4 agus RnaG). Mar chumadóir, tá ionadaíocht déanta ag Ryan thar ceann na hÉireann ag féilte World New Music Days an ISCM mór le rá i Hong Cong (2015), Vancouver (2017) agus in Auckland/Christchurch (2022). Bhí pianophony a tugadh amach sa bhliain 2019, ar an gcéad taifeadadh aonair de chuid Ryan agus fuair sé ardmholadh ó na léirmheastóirí mar ‘phíosa tábhachtach ceoil’ i gcur i láthair traidisiúnta pianó, agus bhain siad amach dhá ainmniúchán Glór Tíre dó ar RTÉ Radio 1 RTÉ sna blianta 2020 agus 2021. Tugadh amach CD ceoil nua, Tempered, an bhliain sin freisin, don phíb uilleann agus don phianó, chomh maith le ceirnín leathfhada digiteach ar a raibh ciogal amhrán 30 nóiméad, Buaine na Gaoithe a bhí á chur i láthair ag an lucht coimisiúnaithe, Damselfly Trio.

I láthair na huaire tá Ryan ina Ollamh Comhlach sa chumadóireacht in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Tuairiscítear freisin go bhfuil an fhidil i measc a chuid uirlisí ceoil.