Gradam Ceoil TG4
Johnny Óg Connolly – Cumadóir na Bliana
Beathaisnéis
As Conamara Johnny Óg Connolly, boscadóir sármhaith agus cumadóir ceoil a bhfuil cáil go forleathan air as a bhfuil déanta aige i saol an cheoil traidisiúnta. Briseann dúchas a athar, Johnny Phadraic Phíotair cáiliúil an mhileoidin (nach maireann), trí mhéaracha Johnny Óg a bhfuil a chlú féin tarraingthe aige air féin i measc ceoltó
Stíl bhríomhar chroíúil a bhíonn ag Johnny Óg i mbun a chuid ceoil, gnéithe de shean-nós boscadóireachta Chonamara fite fuaite le tréithe ceolmhaireachta na linne seo. Is fada fairsing an ceol atá cumtha aige á sheinm agus á thaifeadadh ag ceoltóirí eile, na
foinn á nglacadh go fonnmhar isteach ina stór ceoil acu. In onóir dá mhuintir, dá chairde agus do cheoltóirí eile a chum sé go leor dá chuid saothair.
Ar na ceirníní aonair dá chuid a bhfuil roinnt dár chum sé le cloisteáil orthu, áirítear Aisling Yoshua (2011, Albam Ceoil Traidisiúnta na Bliana ag an Irish Times), Siar (2016), agus Fear Inis Bearachain (2018). D’eisigh sé albaim beirte freisin le Brian McGrath (Dreaming Up the Tunes, 1998) agus le Charlie Lennon nach maireann (Dusk Till Dawn, 2005).
Tá ceol cumtha aige freisin do dhá shraith amhrán bunaithe ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin—An tEarrach Thiar, agus Liam Ó Maonlaí le cloisteáil in éineacht leis, agus Fad Saoil (Joe Steve Ó Neachtain), saothar a bhfuil taifeadadh déanta air freisin le hAisling Ní Neachtain agus Cór Óige Chois Fharraige.
Bronnadh coimisiún air sa bhliain 2022 ó Stiúideo Cuan (An Spidéal) le sraith cheoil a chumadh. An Cosán Draíochta a tháinig dá thoradh sin, saothar ceoil agus amhráin i gcuimhne ar Johnny Connolly, a athair, nach maireann.
Ómós is teideal don saothar is deireanaí atá curtha de aige, sraith ghairid do Scoil Gheimhridh Joe Steve 2025. Ba mhaith le Johnny Óg an cúnamh a admháil a thug Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon maidir le roinnt de na saothair sin.