Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Macdara Ó Faoláin – Ceoltóir Óg na Bliana

Beathaisnéis

Is ceoltóir il-uirlise agus déantóir uirlisí é Macdara Ó Faoláin ón Rinn, Contae Phort Láirge. Thosaigh sé ag foghlaim ar an bhfeadóg stáin agus ar an bhfidil agus é cúig bliana d’aois ach chuaigh sé ar aghaidh go dtí an maindilín tar éis dó a theacht trasna ar cheol Andy Irvine agus Planxty a chuir faoi gheasa é, faoi theagasc Peter O’Connor. Fuair sé basúcaí mar bhronntanas Nollag nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus is gearr go raibh sé mar phríomhuirlis ag Macdara, fuair sé ceachtanna ó Sheán Ó Fearghail. Bhí Macdara ag ceol agus ag taifeadadh le roinnt de na ceoltóirí is mó le rá i gceol traidisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear, Derek Hickey, The Friel Sisters, Nell Ní Chróinín, Cormac McCarthy, Victoria Adiiye agus Muireann Nic Amhlaoibh. . Tagann an saineolas ar leith atá ag Macdara ar armóin agus ar theicníc uirlise le chéile lena stíl uathúil féin a chruthú le tionlacan an bhasúcaí.

Bhí spéis mhór ag Macdara san adhmadóireacht ó bhí sé an-óg agus idir an méid sin agus an bhaint a bhí aige le huirlisí agus le casadh ceoil fuair sé bronntanas uirliseoireachta do leanaí óna thuismitheoirí. Rinne Macdara, agus é 14 bliana d’aois, a chéad uirlis – ucailéile – mar chuid de chlár an Teastais Shóisearaigh.

Is déantóir gairmiúil téaduirlisí é Macdara anois agus uirlisí stiallóige den scoth á gcruthú aige – basúcaithe agus maindilíní go príomha – do chliaint idirnáisiúnta óna stiúideo sa tSeanphobal gar do theach an teaghlaigh sa Rinn. Tá sé ar dhuine de lucht bunaithe an ghrúpa Nuadán in éineacht lena dheartháireacha Cárthach agus Pax, agus tá taifeadadh déanta aige ar dhá albam in éineacht leis an mbeirt freisin, “Lá Laindí Lugha” agus “Dén Díobháil”. Tá Macdara ag leanúint ar aghaidh lena ghairm cheoil agus thug sé céim onóracha chun críche le gairid i Scoil Cheoil Chorcaigh.