Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Eoghan Ó Ceannabháin – Amhránaí na Bliana

Beathaisnéis

Is amhránaí, cumadóir amhrán agus ceoltóir il-uirlise é Eoghan Ó Ceannabháin atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá a chuid fréamhacha ceoil sa sean-nós, i stíl a athar, Peadar agus d’fhás sé suas ag éisteacht le hamhránaithe amhail Sorcha Ní Ghuairim, Seán Mac Dhonncha agus Colm Ó Caoidheáin i measc maithe eile an traidisiúin. Tá sé faoi thionchar freisin ag amhránaithe tíre i dtraidisiún an Bhéarla, ar nós, Liam Weldon, Luke Kelly, Anne Briggs, Margaret Barry agus Thomas McCarthy.

Tá Eoghan ina bhall den bhanna, Skipper’s Alley. D’oibrigh sé le Mary Ann Kennedy ó Albain agus le Ruth Keggin ó Oileán Mhanann ar a n-albam Aon Teanga: Un Chengey (2015). Bhí Eoghan ag ceol in éineacht leis an mbanna tíre/leictreonaice, Jiggy, agus tá sé le cloisteáil ar an dá albam, Translate (2017) agus Hypernova (2020). Bíonn sé i mbun comhoibrithe leis an bhfidléara agus an vióladóir ó Chontae an Chláir, Ultan O’Brien, agus bhain a gcéad albam, Solas an Lae, an t-albam is fearr amach ar Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ sa bhliain 2021.

Le blianta beag anuas, tá Eoghan tagtha chun cinn mar cheoltóir aonair agus mar chumadóir amhrán. Cuireann a chuid amhrán – atá scríofa i mBéarla agus i nGaeilge araon – lena bhunús sean-nóis ach tugann sé isteach liricí ionraice ó thionchar ceoil eile le fuaim shaibhir, chomhaimseartha a chruthú. Tugadh amach a chéad albam aonair, ‘The Deepest Breath’ i mí na Samhna 2022, a bhain athbhreithniú ceithre réalta amach san Irish Times, Songlines agus Hot Press.

“Tá bua na cruthaitheachta ag Eoghan atá inchurtha le roinnt de chumadóirí amhrán móra na tíre seo. Is cruthúnas agus teistiméireacht den mhéid sin iad na liricí atá ar an Deepest Breath. Focail chumhachta dochreidte, atá cosúil le hamhráin Liam Weldon atá imithe ar shlí na fírinne, agus is leis an lucht oibre iad agus déanann siad ionadaíocht ar an lucht oibre…” – Myles O’Reilly

“…a luaithe a chloisfidh tú a ghlór, is beag seans go ndéanfaidh tú dearmad air” – Folk Radio na Ríochta Aontaithe.