Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Cathy Jordan – Amhránaí na Bliana

Beathaisnéis

Tá Cathy Jordan, as Ros Comáin ó dhúchas, ina hamhránaí proifisiúnta leis an mbanna traidisiúnta Dervish le beagnach 30 bliain. D’fhoghlaim sí dá stuaim féin leis an ngiotár a sheinm agus seinneann sí an basúcaí, an bodhrán agus na cnámha go sármhaith freisin.

Ina príomhamhránaí di le Dervish, tá an banna stiúrtha aici trí na mílte ceolchoirm sna céadta cathair ar fud suas le 40 tír. Ar 14 albam déag de chuid an bhanna, chomh maith le taifeadadh a dhéanamh aisti féin agus le comhghleacaithe eile, bhí ról ríthábhachtach aici sa rath atá ar an mbanna. Ar na ceolchoirmeacha ba shuntasaí, bhí ceann ar Bhalla Mór na Síne agus ceann ag Rock in Rio, an fhéile rac-cheoil is mó ar domhan, os comhair 250,000 duine.

Tá cumas déanta amhrán in Cathy chomh maith, agus shaothraigh sí in éineacht le Brendan Graham, an té a chum You Raise Me Up, ceann de na hamhráin is fearr ar éirigh leis sa 20ú haois. Chomh maith le Dervish, tá sí sna bannaí Plúirín na mBan agus The Unwanted, a chíorann an ceangal ceoil idir Éirinn agus Meiriceá.

The Crankie Island Song Project an t-albam is deireanaí dá cuid féin agus is saothar mór comharoibre atá ann le líon is mó ná 70 ceoltóir agus oirfideach, léiriú ar a thugtha atá sí do lucht cheol traidisiúnta na hÉireann.

Chomh maith le coirmeacha ceoil, cuireann Cathy cultúr na hÉireann chun cinn i mbun craoltóireachta. Tá sí ón mbliain 2014 i leith ina láithreoir ar Fleadh TV le TG4. Feictear go fairsing gur ambasadóir í maidir le ceol na hÉireann, is iomaí seanamhrán traidisiúnta ar chuidigh sí lena gcur ar shlí a sábhála.

Cúitíodh a dúthracht léi le gradaim mór le rá, ina measc an BBC Lifetime Achievement Award (2019), Ambasadóir Cultúir Shligigh (2018), Gradam Annie McNulty (2014), agus Saoirse Chathair Shligigh (2010).