Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Bunaíodh an Gradam Ceoil sa bhliain 1998 le homós, aitheantas agus buíochas a thabhairt dóibh siúd a bhfuil éacht déanta acu ag cothú, ag neartú agus ag buanú an cheoil traidisiúnta.

Gradam Ceoil TG4

Bunaíodh an Gradam Ceoil sa bhliain 1998 le homós, aitheantas agus buíochas a thabhairt dóibh siúd a bhfuil éacht déanta acu ag cothú, ag neartú agus ag buanú an cheoil traidisiúnta. Tá an traidisiún beo ina chuid lárnach de chultúr agus d’íomhá na hÉireann mar thír agus mar phobal cruthaitheach, rud a aithnítear ar fud na cruinne. Léiríonn Gradam Ceoil TG4 saibhreas, doimhneas, áilleacht, spleodar agus fairsinge an cheoil traidisiúnta, agus tarainngíonn sé aird an phobail domhanda orthu siúd, idir óg agus aosta, ón tír seo agus ó thíortha thar lear, a bhfuil a lorg ealaíonta á fhagáil ar an mhúnla ealaíon seo atá ársa, comhaoimseartha agus beo folláin.

Bronntar na Gradaim go bliantúil ag ceolchoirm mhór ina chloistear lucht a mbuaite ag seinm lena gcairde agus lena muintir. Is craoladh beo é seo, rud a chuireann go mór le héifeacht na hoíche, agus le blianta anuas, tharlaíonn mionfhéile sa gcathair ina mbíonn an ceolchoirm mhór seo. Mar sin, is buaicphointe i gclársceideal bliantúil TG4 é Ceolchoirm na nGradam.

Roghnaíonn coiste dheonach na faighteoirí, agus ceapann TG4 an choiste seo de bharr a gcuid saineolais ar an traidisiún bheo.
I measc na saineolaithe atá ceaptha ag TG4 ar an Choiste Roghnaithe ó 1998 i leith, tá Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Fintan Vallely, Pat Ahern, Kevin Crawford, Ann Mulqueen, Áine Hensey, Cathal Goan, Breanndán Ó Beaglaoich, Mary McPartlan, Robbie Hannan, Proinsias Ní Ghráinne, Muiris Ó Rócháin, Claire Keville, Liz Doherty, Mary Bergin, Caoimhín Ó Raghallaigh, Niamh de Búrca, Ciarán Ó Gealbháin, Úna Monaghan, Muireann Nic Amhlaoibh, Conor Byrne, Caoimhín O Fearghail, John Blake, Dermot McLaughlin agus Neansaí Ní Choisdealbha.