Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Vóta 2020 - 6 chlár eisiach ar TG4 roimh an Olltoghchán

Vóta 2020

15.01.20


 
Beidh sé chlár uair a chloig ar fhad, ‘Vóta 2020′ á chraoladh ar TG4 le linn an fheachtais Olltoghcháin gach Máirt agus Déardaoin, ag tosú Dé Máirt seo chugainn ar an 21ú Eanáir. 
 
Beidh pobalbhreitheanna eisiacha coimisiúnaithe ag TG4 le IPSOS MRBI as Dáilcheantair Dhún na nGall, Ghaillimh Thiar agus Chiarraí. 
 
Craolfar an chéad phobalbreith as Dún na nGall ar an Déardaoin 23ú Eanáir, a bheidh á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola.  Ar an Máirt, 28ú Eanáir, beidh craoladh ar thorthaí phobalbhreith Ghaillimh Thiar, agus beidh clár beo ar an 30ú Eanáir as Maigh Eo. Beidh Siún Nic Gearailt beo as Dáilcheantar Chiarraí le torthaí an phobhalbhreith ar an Máirt 4ú Feabhra.
 
Ar
 an Déardaoin roimh an toghchán, beidh anailís agus plé ar chúrsaí Olltoghcháin curtha i láthair ag Páidí Ó Lionáird.
 
Beidh beochraoladh ar thorthaí an Olltoghcháin Dé Domhnaigh an 9ú Feabhra agus Dé Luain an 10ú Feabhra ar an gclár ‘Vóta 2020’ as toghcheantair ar fud na tíre, le hanailís ó phainéal saineolaithe sa stiúideo i mBaile na hAbhann agus clúdach cuimsitheach ar na hardáin shóisialta le linn an chomhairimh.
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | 086 1453527

Cuir aithne orainn: