Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

É ordaithe do Phacastánaigh an India a fhágáil roimh 29 Aibreán

24 APRIL 2025, 11:23

Daoine gorthaithe san ionsaí i bPahalgam á dtabhairt go dtí an t-ospidéal
X Facebook

Ní mór do gach saoránach de chuid na Pacastáine an India a fhágáil faoin 29 Aibreán. Sin é atá fógatha ag Aireacht Gnothaí Eachtracha na hIndia, an beart is deireanai ó New Delhsa tar éis an ionsaí i Pahalgam Dé Máirt.

Tá an India ag cur an milleán ar an bPacastáin as an ionsaí lámhaigh, inar maraíodh 26 fear agus inar gortaíodh 17 nduine eile. I gceantar turasóireachta sa Chaismír sna Heimiléithe a tharla an t-ionsaí, an ceann ba mheasa ar shibhialtaigh le scór bliain.

Tá bearta á gcur i bhfeidhm ag an India ar an bPacastáin ó shin, ach is é ceann an lae inniu ar shaoránaigh na tíre sin an ceann is géire do dtí seo.

Deir ráiteas an Rialtais gur mar thoradh ar 'ionsaí sceimhlitheoireachta Pahalgam' go bhfuil cinneadh déanta ag Rialtas na hIndia seirbhísí víosaí do shaoránaigh de chuid na Pacastáine a chur ar fionraí láithreach.

Beidh ar Phacastánaigh an India a fhágáil roimh dhul in éag a gcuid víosaí ar an 29 Aibreán. Taidhleoirí as an bPacastáin an t-aon eisceacht leis an ordú seo, ach tá a líon siúd laghdaithe ag ordú eile inné.

25 Indiach agus fear amháin as Nepal a maraíodh Dé Máirt san ionsaí ba mharfaí ar shibhialtaigh san India ó lámhachadh Mumbai i 2008. Thug an t-ionsaí chun deiridh freisin tréimhse réasúnta síochánta sa Chaisimí a chonaic borradh faoin turasóireachta nuair a tháinig laghdú ar an gcorraíl fhrith-Indiach ann le roinnt blianta.

Chuaigh grúpa dar teideal "Kashmir Resistance," chun na meán sóisialta ag maíomh gurb iad a bhí freagrach as ionsaí Pahalgam, á rá go raibh na scórtha míle as ' an gcoigríoch' á lonnnú sa reigiún in iarracht comhdhéanamh déimeagrafach na háite a athrú.

Tá na líomhaintí go raibh sí taobh thiar den ionsaí ná go dtacaíonn sí le foiréigean míleata sa Chaisimír séanta ag an bPácastáin.