Tá an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ag súil go dtiocfaidh fás i bhfad níos lú ar an ngeilleagar domhanda i mbliana ná mar a bhí tuartha ar dtús, i bhfianaise na dtaraifí atá curtha ag Uachtarán Trump ar earraí a iompórtálann na Meiriceánaigh
Trí mhí ó shin, bhí an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ag súil go dtiocfadh ardú 3.3% ar fhás eacnamaíochta ar fud an domhain i rith 2025. Ach anois, tá sé tuartha ag an eagraíocht go dtiocfaidh ardú 2.8% ar an ngeilleagar domhanda i rith na bliana.
Tá cruinniú earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar siúl in Washington DC i láthair na huaire agus foilsíodh an réamhaisnéis eacnamúil is déanaí de chuid na heagraíochta lena linn.
Ó thaobh na Stát Aontaithe de, tá sé tuartha ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta go dtiocfaidh 1.8% d'fhás ar gheilleagar na tíre sin i rith 2025, seachas 2.7% d’fhás, mar a bhí tuartha ag tús na bliana.
Ag tús na bliana, bhí sé tuartha acu go dtiocfadh 1% d’fhás ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh. Ach anois 'sé .8% an ráta fáis atá tuartha acu don bhliain seo.

Is mar gheall ar an ráta fáis mall i limistéir an Euro a ghearr Banc Ceannais na hEorpa a gcuid rátaí úis.
Tá comhairle curtha ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar thíortha oibriú lena chéile chun bail sheasmhach a chur ar thrádáil idirnáisiúnta in athuair.
Deir siad go bhfuil sé fíordheacair ag an am seo réamhaisnéis chruinn a thabhairt maidir le rátaí fáis, mar gheall ar go bhfuil pleananna na Stát Aontaithe maidir le cur i bhfeidhm na dtaraifí ag athrú de shíor.
Tá fainic curtha acu freisin ar an bpobal idirnáisiúnta go bhféadfadh laghdú mór teacht ar chaighdeán maireachtála na ndaoine sa Tríú Domhan, i bhfianaise na gciorruithe atá fógartha ag na Stáit Aontaithe ar fhóirithint do thíortha atá i mbéal forbartha.