Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Athrú le déanamh ar bhandaí na ngrád sa tsraith shóisearach

22 APRIL 2025, 12:59

Comhdháil Chumann na mBunmhúinteoirí ar maidin. Labhróidh an tAire Oideachais, Helen McEntee, ag Comhdhálacha na mBunmhúinteoirí agus na Meánmhúinteoirí as seo go ceann cúpla lá
X Facebook

Beidh sé níos éasca feasta ar dhaltaí sa tsraith shóisearach na gráid is airde a bhaint amach ina gcuid scrúdaithe, i ndiaidh don Aire Oideachais, Helen McEntee, a fhógairt go n-athrófar bandaí na ngrád sin.

Bronnfar pas le gradam feasta ar dhaltaí a ghnóthóidh os cionn 85%. Go dtí seo, bhronntaí pas le gradam orthu siúd a raibh os cionn 90% bainte amach acu. Bronnfar pas le hardthuillteanas feasta ar dhaltaí a mbeidh idir 70% agus 85% bainte amach acu ina gcuid scrúdaithe, seachas orthu siúd a ghnóthaíonn idir 75% agus 90%.

Tiocfaidh na hathruithe i bhfeidhm ó Mheitheamh 2025, tráth a shuífidh os cionn 73,000 dalta scrúdaithe na sraithe sóisearaí.

Tá athchóiriú á dhéanamh ar an tsraith shinsearach freisin

Fógraíodh na hathruithe seo sula labhróidh an tAire Oideachais ag comhdhálacha cheardchumainn na múinteoirí, a bheas ar siúl inniu agus amárach.

"Táimid ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag na hathruithe seo ar dhaltaí scoile", a dúirt an tAire McEntee. "Táimid ag súil go mbainfidh níos mó daltaí na gráid is fearr amach agus go gcuirfear lena bhféinmhuinín dá bharr."

Dúirt an tAire McEntee níos túisce inniu go bhfuil sí ag súil go mbeidh an-rath ar an athchóiriú atá á dhéanamh ar an tsraith shinsearach freisin.