Maraíodh buachaill óg i gContae na hIarmhí i ndiaidh do ghluaisteán é a bhualadh go gairidin i ndiaidh 6:30pm tráthnóna inné.
Tharla an timpiste in Eastát Fhearann Seac sa Mhuileann gCearr. Cuireadh cóir leighis ar an mbuachaill ar an láthair agus tugadh é in otharcharr go dtí an tOspidéal Réigiúnach Lár-Tíre sa Mhuileann gCearr, áit a ndeimhníodh go gairid ina dhiaidh sin go raibh sé básaithe.
Ceiliúradh breithlá an bhuachalla óig thar an deireadh seachtaine. Bhí sé ceithre bliana d'aois.
Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a chonaic an eachtra - nó a bhfuil eolas aige fúithi teagmháil a dhéanamh leo.
Maraíodh beirt eile in eachtraí éagsúla thar dheireadh seachtaine na Cásca. Fuair fear óg, ocht mbliana déag d’aois, bás in iardheisceart Bhaile Átha Cliath nuair a bhuail gluaistéan agus rothar scraimbile in éadan a chéile agus maraíodh gluaisrothaí i Luimneach nuair a bhuail a ghluaisrothar in éadan cairr inné.
51 duine atá básaithe ar bhóithre na hÉireann ó thús 2025.