Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Stróc agus teipeadh croí a chriog an Pápa

22 APRIL 2025, 13:58

Stróc agus teipeadh croí a chriog an Pápa
X Facebook

'Stróc agus teipeadh croí nach raibh aon teacht uaidh'; sin ba thruaig bháis don bPápa Proinsias de réir an teastais báis atá réitithe ag dochtúir de chuid na Vatacáine anocht.

Deirtear freisin gur fágadh an Pápa i gcóma, gan aithne gan urlabhra sular bhásaigh sé.

Bhí a bhás tobann sa mhéid is gur ghuígh sé beannachtaí na Cásca ar shlua daoine i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh inné,Domhnach Cásca.

An Pápa Proinsias le linn a chuairte ar Éirinn

As seo go ceann 6 lá a chuirfear an Pápa Proinsias, cé nach bhfuil aon dáta leagtha amach go fóill.

Ní i gcónaí a chloígh sé le traidisiún ná le chuile nósmhaireacht a bhain leis an bPápacht sa 12 bliain a chaith sé mar cheannaire ar an Eaglaise Chaitliceach.

Anois, agus é ar shlí na fírinne níl faoi Phroinsias a dhearcadh a athrú.

Ní i mBaisleach Naomh Peadar a chuirfear an fear mar gurb í mian a chroí go luífeadh a chnámha i mBaisleach Santa Maria Maggiore, áit ar mhinic leis dul i mbun paidreoireachta.

Cruthaitheacht á léiriú ag an bhfear seo ar thrá san India

Tá ceannairí ó thíortha an domhain i ndiaidh a chur in iúl cheana féin go mbeidh siad i láthair ag an tsochraid, ina measc Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump.

I ndiaidh a shochraide ar ndóigh díreofar aird ansin ar a chomharba agus cé roghnóidh na cairdinéil le bheith i gceannas ar an Eaglais Chaitliceach.

Beidh le feiceáil ansin an dtiocfaidh tuilleadh borradh faoina leasuithe ar an Eaglais atá tiomsaithe ag an bPápa Proinsias.

Albino Luciani, a thóg an t-ainm Eoin Pól 1, an fear deiridh de bhunadh na hIodáile a ndearnadh Pápa dhe i 1978.

33 lá (26 Lúnasa-28 Meán Fómhair) a chaith seisean sa Phápacht, baineadh stangadh as pobal an domhain nuair a fógraíodh a bhás an mhaidin Fómhair sin.

Baisleach Naomh Peadar sa Róimh.Ach ní ann a chuirfear an Pápa seo

Polannach a tháinig ina dhiaidh, Karol Wojtyła (Eoin Pól 2 1978-2005), An Gearmánach Josef Ratzinger (Benedict 16 2005-13) ina dhiaidh sin, agus an fear ón Airgintin, Jorge Mario Bergoglio (Proinsias 2013-25).

Tá ráflaí ag dul timpeall anois cheana féin go bhfuil seans maith ann gur ar ais chuig na hIodálaigh a ghabhfaidh an Phápacht an iarraidh seo.

Ach nach mó fear a chuaigh isteach i dtoghchán an Conclave mar Phápa agus a tháinig amach lena dhá lámh chomh fada le chéile, agus mar Chairdinéil i gcónaí.

Is ait mar a fheidhmíonn an Spiorad Naomh is dócha.