Tuairiscítear nach rachfar chun cinn leis an mórfheirm ghaoithe a bhí le bunú gar do Charraigeacha na Sceirde amach ó chósta Chonamara.
Bhíothas le 30 tuirbín gaoithe os cionn 1,000 troigh ar airde an ceann a chur i bhfarraige amach ón gcladach i gCarna ach dealraíonn sé go gcreideann an dream a bhí i mbun an togra, go gcreideann siad anois go bhfuil an iomarca dúshlán ag baint leis.
Is tar éis do shaineolaithe tuilleadh scrúduithe a dhéanamh ar an suíomh le gairid a rinneadh an cinneadh an fhorbairt a chur ar ceal, a deirtear.
Deirtear freisin go bhfuil neamhchinnteacht sa mhargadh fuinnimh gaoithe faoi láthair agus tuairimítear gur cuireadh sin san áireamh in athbhreithniú a rinneadh ar an togra.
Bhí go leor de mhuintir Iorras Aithneach in aghaidh an togra, agus tá fós, agus imní orthu go ndéanfadh sé dochar don chomhshaol, don iascaireacht agus don turasóireacht sa cheantar.
Bhí togra Charraigeacha na Sceirde ar cheann de shé mhórfheirm ghaoithe i bhfarraige a bhí le forbairt sa Stát le súil cuid den oibleagáid dhlíthiúil atá ar Éirinn maidir le hathrú aeráide a chomhlíonadh.
Níl sé soiléir fós cén gúm a dhéanfaidh an Rialtas leis an easnamh sin a chúiteamh, má dhéanfaidh.
Tar éis an tsaoil, is í aidhm an Rialtais 70% de leictreachas na tíre a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite roimh 2030 agus go nginfidh tuirbíní i bhfarraige oiread fuinnimh a choinneodh leictreachas le 3.7 milliún teach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ