Dúirt Uachtarán na Síne Xi Jinping gur conair chaoch atá sa chosantaíochas eacnamaíochta agus gur gach tír agus gach duine a bheas thíos leis i ndeireadh na dála.
Ag trácht a bhí sé ar na taraifí atá gearrtha ag na Meiriceánaigh ar earraí a cheannaíonn siad isteach ó thíortha éagsúla – an tSín ina measc – agus na fritaraifí atá gearrtha ag na tíortha sin ar earraí ó Mheiriceá.
Tá Xi i Vítneam inniu, áit a mbeidh comhráite aige le ceannaire de facto na tíre sin Tô Lâm faoi chúrsaí trádála.
Tabharfaidh Xi cuairt freisin ar an Malaeisa agus ar an gCambóid as seo go ceann cúpla lá.
Tá súil ag na Sínigh agus ag na trí thír eile sin cur leis an gcaidreamh trádála atá eatarthu cheana mar chúiteamh ar a gcaillfidh siad de bharr tharaifí na Meiriceánach.
I ráiteas, dúirt Xi gur beart suntasach a bheadh ann a rachadh i gcion ar an gcuid eile den domhan chomh maith.
Dúirt Tô Lâm go raibh sé ag tnúth go mór leis an gcadireamh idir an dá thír a dhaingniú.
Is cosúil nach miste le hUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump na Sínigh a bheith sa tóir ar ghort úr le treabhadh.
Más cúng leo fágadh an dearcadh atá aige, faoi láthair ar aon chor.
D'fhógair sé inné go deimhin go raibh rún aige tuilleadh taraifí a ghearradh ar bhunábhar teicneolaíochta go gairid, leathsheoltóirí agus sliseanna an uair seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ