Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear gafa faoi bhás Eddie Friel sna Cealla Beaga

14 APRIL 2025, 14:26

Céide Radharc an Chuain, Na Cealla Beaga
X Facebook

Tá fear sna seascaidí gafa ag na Gardaí mar chuid dá bhfiosrúchán faoi bhás fir sna Cealla Beaga i gCo Dún na nGall.

Sna seascaidí chomh maith a bhí an té a bhasaigh, Eddie Friel.

Fuarthas é gan mheabhair gan arann i dteach ar Chéide Radharc an Chuain sna Cealla Beaga tráthnóna inné agus cailleadh é ar an mball.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a chorp inniu agus is ar a thoradh a bhunóidh na Gardaí a bhfiosrúchán, a deir siad.

Idir dhá linn, tá na Gardaí i mBéal Átha Seanaidh ag achainí ar aon duine a mbeadh aon eolas acu ar ar bhain do Eddie Friel teacht chun cainte leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ