D'éirigh thar barr le 2 scoil dara leibhéal lán-ghaelach ag Féile Teic na bliana seo i mBaile Átha Cliath.
Féile í seo a reachtáiltear go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
Tá sí mar dhlúthchuid den tseachtain teicneolaíochta chruthaitheach atá ar bun ó thús na seachtaine seo agus atá ag feidhmiú faoi choimirce na h-eagraíochta,Kinia.

Is mar aitheantas ar a gcuid scileanna teicneolaíochta agus digiteacha a bronnadh gradaim ar dhaltaí ó Choláiste an Eachréidh,gaelcholáiste atá lonnaithe i mBaile Átha an Rí i gCo.na Gaillimhe chomh maith le Pobalscoil Chorca Dhuibhne atá suite i gceartlár cheantar ghaeltachta i gCiarraí.

Dona dara huair as a chéile is í an múinteoir i gColáiste an Eachréidh, Bairbre Ní Choistealbha ó Indreabhán i gConamara,oideachasóir na bliana.
Go deimhin bhí lá maith tré chéile inné ag an ngaelcholáiste seo a mheallann daltaí chuige ó chathair na Gaillimhe agus ceantar an Eachréidh.
Tá an scoil ar a dícheall le fada ag lorg foirgneamh úr dá cuid daltaí.

D'éirigh léi an chéad áit a bhaint amach sa rannóg Podchraoladh lena togra 'Na Claisicigh', sa Teicneolaíocht Chruthaitheach leis an togra 'Óir v Dearg', agus thug léi an 'sway' freisin sa rannóg Róbataic a bhuíochas don iarracht dár teideal 'Obráid'.

Bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne buacach sa rannóg Scannánaíocht Mhóibíleach leis an togra 'An Daingean - fís & ealaíon', sa rannóg Eagraíocht na bliana-Kinia agus is é Ruairi Ó hUanacháin Teicspásaire na bliana sa chomórtas seo i mbliana.
Comhghairdeas leis na buaiteoirí uilig.
Táim cinnte go bhfeicfear a thuilleadh uathu sna blianta romhainn i dtaca le réimse na teicneolaíochta cruthaithí de.