Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Seolta crochta ag long spiaireachta ón Rúis

11 APRIL 2025, 18:27

An Viktor Leonov ag triall ar Chúba anois
X Facebook

Bailithe léi tá long spiaireachta ón Rúis a bhí ag seoladh in uiscí na hÉireann le cúpla lá agus aghaidh tugtha anois aici ar Chúba.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go raibh Óglaigh na hÉireann ag buachailleacht na loinge, an Viktor Leonov, agus í faoi bhealach i limistéar muirí na tíre seo.

Thionlaic an LÉ Samuel Beckett an soitheach inamhrais nó gur chroch sí a seolta agus chas i dtreo Chúba.

Bhí eitleán leis an Aerchór ag coinneáil súil seabhaic ar an long ar feadh na faide freisin.

Rinne an tSeirbhís Chabhlaigh iarracht cumarsáid a dhéanamh le foireann an Viktor Leonov ach freagra ní bhfuarthas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ