228 leanbh atá ag fanacht go hoifigiúil le hobráid dromlaigh, a bhfuil 51 díobh ag súil le dea-scéala lá ar bith ar feasta, de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag Sláinte Leanaí Éireann.
Leanaí iad seo a bhfuil scolóis orthu agus a bhfuil obráid de dhíth orthu leis an gcuar cliathánach ina ndromlach a dhíríú.
Léiríonn na figiúirí go bhfuil ocht nduine dhéag den 228 ag fanacht níos mó ná bliain, cuid acu suas le ceithre bliana.
Tá obráidí 40 den 228 leanbh curtha ar fionraí ar chúiseanna éagsúla, a dúradh, lena n-áirítear cúiseanna cliniciúla agus cúiseanna pearsanta.
I gcásanna eile, tá socrú déanta an obráid a dhéanamh in ospidéal eile seachas Ospidéal Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath.
Tugadh le fios chomh maith go ndearnadh 123 obráid dromlaigh san ospidéal sin sa chéad ráithe de 2025.
In athbhreithniú neamhspleách a foilsíodh Dé Máirt seo caite, dearbhaíodh gur cuireadh feistí leighis nach raibh sábháilte i bpáistí a raibh scolóis orthu in Ospidéal Shráid an Teampaill idir 2020 agus 2022.
Fuarthas amach nach raibh cineál an chruach a raibh na feistí sin déanta as, nach raibh sé feiliúnach le haghaidh obráidí dromlaigh mar go raibh sé tograch do chreimeadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ