I gCúirt Chuarda Dhún na nGall, gearradh cúig bliana príosúin ar fhear 24 bliain d'aois a phléadáil ciontach i dtiomáint chontúirteach arbh é bás buachalla naoi mbliana a thoradh.
Chomh maith leis an téarma príosúin, cuireadh cosc tiomána go ceann 20 bliain ar Sergee Kelly as an Mullach Mór Uachtarach i gCo Shligigh.
Maraíodh Ronan Wilson, as Cill Dreas i gCo Thír Eoghain, nuair a bhuail gluaisteán Sergee Kelly é agus é ag siúl in éineacht le beirt pháistí eile i mBun Dobhráin i gCo Dhún na nGall ar an 23 Meán Fómhair 2023.
Bhí luas idir 105 agus 110 ciliméadar san uair faoi ghluaisteán Sergee Kelly ag an am cé gur ceantar luasteorann 50 ciliméadar san uair a bhí ann.
Bhí an oiread fórsa sa bhuille a fuair an buachaill gur teilgeadh 58 méadar ón bpointe tadhaill é.

Theith Sergee Kelly ón mball agus chuaigh sé ag ól le cairde leis.
Chomh maith leis an ragairne óil, chuaigh sé chuig ionad siamsaíochta agus ghlac sé cócaon sula ndeachaigh sé abhaile i dtacsaí.
Dúradh sa chúirt gur uchtaíodh Sergee Kelly ón mBealarúis nuair a bhí sé trí bliana d'aois agus go bhfuarthas amach ina dhiaidh sin go raibh Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde air.
Sa chúirt inniu, thug an Breitheamh John Aylmer le fios nár mhaolaigh an neamhord sin pioc an fhreagracht a bhí ar Sergee Kelly faoin tubaiste.
Ghabh Sergee Kelly leithscéal le muintir an bhuachalla faoina ndearna sé agus dúirt an breitheamh gur chreid sé go raibh an-aithreachas air.
Dúirt muintir Wilson nach raibh insint ar an bpian a bhí siad a fhulaingt agus dúirt freisin nár leor na cúig bliana príosúin a gearradh ar an gciontach.
Ciontaíodh Sergee Kelly sna cúirteanna cheana.
Gearradh ceithre bliana príosúin air in 2019, péire acu ar fionraí, faoi ionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar fhear dhá bhliain roimhe sin.
Gearradh fíneáil €2,000 air in 2021 as tiomáint róghasta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ