Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Déagóir a ionsaíodh i mBaile Átha Cliath an-dona tinn

11 APRIL 2025, 11:50

Gardaí sa Chúlóg ag fiosrú ionsaí a rinneadh ar dhéagóir ar an 3 Aibreán
X Facebook

Tá ógánach go han-dona tinn san ospidéal de bharr ionsaí a rinneadh air i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Deir na Gardaí gur ionsaíodh an t-ógánach, atá sna mórdhéaga, i bPáirc an Chaisleáin Ghlais sa Chúlog ardtráthnóna Déardaoin an 3 Aibreán.

Tugadh an t-ógánach go hOspidéal Beaumont, mar a bhfuil an-drochbhail air.

Tá na Gardaí sa Chúlóg ag achainí ar aon duine a chonaic an t-ionsaí teacht chun cainte leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ