Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An tSín le taraifí de 125% a ghearradh ar earraí ó Mheiriceá

11 APRIL 2025, 16:04

Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez agus Uachtarán na Síne Xi Jinping i mBéising inniu
X Facebook

Tá an tSín le taraifí de 125% a ghearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe ó amárach seachas an 84% a fógraíodh cheana.

Tá na taraifí ardaithe ag na Sínigh tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí ar earraí ón tSín a ardú go dtí suas le 145%.

Cé gur ag diúracadh an cháich sa tor atá Trump is sa tSín go háirithe atá a gha i láthair na huaire.

Ina dhíol sin, agus de réir ealaín sheanbhunaithe an chogaidh, tá an tSín ag féachaint le comhghuaillíocht a dhéanamh leis na tíortha eile sin a bhfuil Trump ag taraifthromaíocht orthu, lena n-áirítear ballstáit an Aontais Eorpaigh.

Bhí cruinniú ag Uachtarán na Síne Xi Jinping le Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez i mBéising inniu leis an gclaochló mór ar eagar eacnamaíochta an domhain a chíoradh.

Tuairiscítear gur iarr Xi ar fhear na Spáinne, agus dá réir sin ar an gcuid eile den Aontas Eorpach, dul i gcomhar leis an tSín agus an fód a sheasamh in aghaidh "mhaistíneacht aontaobhach" Trump.

Ag preasócáid i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Sánchez nár cheart ligean don choimhlint trádála idirnáisiúnta cur isteach ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín.

Thug sé le tuiscint go deimhin go raibh faoin Aontas cur leis an gcaidreamh sin agus i bhfad níos mó earraí a dhíol leis an tSín san am le teacht.

Gan an tSín agus an tAontas Eorpach a bhac, is cosúil nach bhfuil 'Iarraim cúis' Trump ag maolú pioc agus d'fhogair sé go taghdach aréir go ngearrfadh sé taraifí agus smachtbhannaí ar Mheicsiceo mura gcuirfeadh an tír sin tuiileadh uisce ón Rio Grande ar fáil do stát Texas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ