Tá an líon inimirceach a d'iarr cosaint idirnáisiúnta sa Stát tite go suntasach le bliain, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Dlí agus Cirt.
3,021 iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a rinneadh sa chéad ráithe de 2025 i gcomparáid le 5,162 sa ráithe chéanna anuraidh, ar titim de 41% é sin.
Léíríonn na figiúirí freisin gur 847 duine a d'iarr cosaint idirnáisiúnta an mhí seo caite, ar titim de 50% é sin ón mí chéanna anuraidh.
Is i mí Dheireadh Fómhair seo caite a thosaigh na figiúirí ag titim agus sin an treocht atá fúthu ó shin in Éirinn agus ar fud na hEorpa.
Le bliain, is daoine ón Nigéir is mó a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta in Éirinn, daoine ón bPacastáin, ón tSomáil agus ón Afganastáin ina dhiaidh sin.
Bainteach leis an scéál sin, ach ar malairt treochta atá i gceist, léiríonn na figiúirí go bhfuil an líon orduithe díbeartha a heisíodh ardaithe go millteanach mór ó thaobh céatadáin de le bliain.
1,202 ordú díbeartha a eisíodh sa chéad ráithe de 2025 i gcomparáid le 424 sa ráithe chéanna anuraidh, ar ardú de 183% é sin.
480 duine as an 1,202 sin a d'imigh as an tír go dtí seo, cuid eile dá ndeoin féin.
Mar leis na hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil breith déanta orthu, diúltaíodh 80% díobh i mí Eanáir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ