Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ghabh ógánach seacht mbliana déag d'aois a leithscéal le séiplíneach in Óglaigh na hÉireann a sháigh sé i nDún Uí Mhaoilíosa sa Rinn Mhór i nGaillimh an samhradh seo caite.
D'fhreagair an séiplíneach, an tAthair Paul Murphy, agus dúirt leis an aosánach gur mhaith sé an feillghníomh dó.
Phléadáil an t-ógánach ciontach in iarrracht a thabhairt ar an sagart a dhúnmharú nuair a thug sé iliomad rop de scian dó i nDún Uí Mhaoilíosa ar an 15 Lúnasa 2024.
Níl cead ainm an chiontóra a fhoilsiú de bhrí gur mionaoiseach é.
Chomh maith leis an ionsaí a mhaitheamh don ógánach, dúirt an tAthair Murphy leis go raibh súil aige go raibh ciall cheannaithe anois aige agus gur slí a leasa a thoghfadh sé san am le teacht.
Dúradh sa chúirt go raibh bá ag an ógánach leis an eagraíocht antoisceach dá ngairtear Stát Ioslamach nuair a d'ionsaigh sé an sagart agus gurbh amhlaidh a síolteagascadh é ar líne.
Dúirt an Breitheamh go raibh go leor le cur san áireamh aige agus é ag déanamh a mharana ar chás an ógánaigh.
Thug sé le fios go ngearrfadh sé pianbhreith ar an gciontóir ar an 29 Aibreán.
I ndiaidh na héisteachta, labhair an tAthair Murphy leis an ógánach arís, thug siad barróg dá chéile agus ghabh an duine óg a leithscéal leis an sagart an athuair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ