Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Rún ag an bhFrainc an Phalaistín a aithint go hoifigiúil

10 APRIL 2025, 13:30

Bratach na Palaistíne ar foluain ag buachaill óg in Ramallah sa Bhruach Thiar
X Facebook

Tá rún ag an bhFrainc aitheantas oifigiúil mar stát a thabhairt don Phalaistín i gceann cúpla mí, a dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron.

Thug Macron le fios go ndéanfaí an beart ag comhdháil na Náisiún Aontaithe a bheas ar siúl i Nua-Eabhrac i mí an Mheithimh.

Is cosúil go bhfuil Macron den bharúil go ndéanfaidh tíortha eile amhlaidh le linn na comhdhála sin.

Tá an Fhrainc agus an Araib Shádach le bheith mar chomhchathaoirligh ar an gcomhdháil.

Mhaígh Macron gurbh é leas Iosrael tuilleadh tíortha ag tabhairt aitheantais don Phalaistín mar gur dheacra do naimhde Iosrael dá dheasca gan an tír sin a aithint ag an am céanna.

Chuirfeadh sin le slándáil Iosrael agus le slándáil an Mheánoirthir trí chéile, arsa sé.

Cuimsíonn críocha na bPalaistíneach an Bruach Thiar agus Gaza atá dealaithe óna chéile agus a bhfuil forlámhas ag Iosrael orthu ó 1967. Tá Iarúsailéim Thoir na bPalaistíneach faoi smacht na nIosraelach ó shin freisin.

Tar éis do roinnt tíortha san Eoraip aitheantas oifgiúil a thabhairt don Phalaistín anuraidh, thug Emmanuel Macron le tuiscint go bhféadfadh an Fhrainc déanamh amhlaidh dá leasófaí ó bhonn Údarás na Palaistíne atá i gcumhacht sa Bhruach Thiar.

Dealraíonn sé go gcreideann Macron anois, más ea, nach féidir le hÚdarás na Palaistíne aon dul chun cinn a dhéanamh fad is atá an Bruach Thiar faoi léigear ag Iosrael, gan trácht ar an an ollmharú in Gaza.

Tá rún na Fraince an Phalaistín a aithint cáinte ag Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael Gideon Saar a dúirt gur duais ar son na sceimhlitheoireachta a bheadh ann.

Thug Éire aitheantas oifigiúil don Phalaistín ar an 28 Bealtaine anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ