Tháinig borradh suntasach faoi stocmhargaí ar fud an domhain – seachas sa tSín – tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump na taraifí pionósacha a bhí le gearradh aige ar thíortha éagsúla a chur ar fionraí go ceann 90 lá.
Ar shon an chinnidh sin, d'fhógair an tAontas Eorpach go gcuirfí ar fionraí go ceann na ráithe céanna na taraifí a bhíothas le gearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe.
Bannaí Státchiste Mheiriceá a bheith á ndíol as éadan – agus an t-ardú a thiocfadh ar chostas iasachtaí dá dheasca sin – ba shiocair le hathchomhairle Trump, is cosúil.
Má fuair Trump dual na droinne de inné, níor theip ar a mhisneach ar fad agus tá sé ag cloí leis na taraifí de 10% atá á ngearradh aige ar earraí áirithe.
Chomh maith leis sin, tá sé mionnaithe taraifí "álainne" a ghearradh ar tháirgí cógaisíochta i gceann na haimsire, a dúirt sé sa chaint neamhbheacht ar sraith is dual dó.

Cás faoi leith atá sa tSín agus is barr binne taraifí de 125% atá á ngearradh ag Trump ar an tír sin.
Mar bhuille ar an mbuille, tá taraifí de 84% gearrtha ag an tSín ar na Stáit Aontaithe.
Taibhsíonn sé go bhfuil sé de bheith ag an gcuid eile den domhan an chreach a sheilg agus an tóir a chosc i dtaca le luaineacht Trump go ceann cá bhfios cén uair.
Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann, an Tánaiste Simon Harris, is cosúil go bhfuil seisean den bharúil gur cheart an luaineacht sin a thapú le súil cur i bhfáth ar Trump ar deireadh go mba é a bhuaic taraifí a chaitheamh i dtraipisí.
Phléigh Simon Harris an cheist le Rúnaí Tráchtála Mheiriceá Howard Lutnick in Washington inné agus dúirt sé i ndiaidh an chruinnithe gur theastaigh tuilleadh comhráite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ