Tá Foras na Gaeilge le dul siar ar chiorruithe a fógraíodh níos luaithe i mbliana ó tá íocaíocht bhreise aon uaire de €630,000 ceadaithe don eagraíocht.
Ba é an tAire Forbartha Tuaithe Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary a d'fhógair an maoiniú úr i gcruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas inniu.
Bhí imní mhór ar eagraíochtaí agus ar ghrúpaí pobail faoin laghdú de €820,000 ar bhuiséad an Fhorais a fógraíodh i mí Eanáir.
Bheartaigh an Foras deireadh ar fad a chur le tograí áirithe agus tograí eile a ghearradh siar mar gheall ar an laghdú.
Bunaíodh Foras na Gaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus, fearacht fhorais eile trasteorann, tagann 75% de chiste na heagraíochta ó Rialtas na hÉireann agus 25% ó Fheidhmeannas Stormont.
Tá modh nua maoinithe socraithe le bonn níos láidre a chur faoin bhForas ach níl sé curtha i bhfeidhm ag Feidhmeannas Stormont fós mar nach bhfuil an DUP sásta glacadh leis.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, cé gur faoiseamh sealadach a bheadh sa mhaoiniú a ceadaíodh inniu nach raibh dada i bhfógra an Aire faoi struchtúr maoinithe earnáil na Gaeilge i bhfad na haimsire.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ