Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Taraifí Trump tagtha i bhfeidhm ar fud an domhain ó mhaidin

09 APRIL 2025, 11:56

Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump
X Facebook

Cuireadh i bhfeidhm inniu an réimse leathan taraifí a d'ordaigh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump a ghearradh ar earraí ó thíortha éagsúla ar fud an domhain, lena n-áirítear taraif ábhalmhór de 104% ar earraí ón tSín agus taraif de 20% ar earraí ó bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

A thúisce a tháinig feidhm leis na taraifí ar maidin, d'fhógair Rialtas na Síne go raibh siad féin le taraif bhreise de 84% a ghearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe mar bhuille ar an mbuille.

Gan na stocmhargaí idirnáisiúnta a bhac, tá suaitheadh mór bainte d'aon scuab ag Trump as bonneagar saorthrádála na cruinne a bhí cothaithe d'aon ghuth le blianta fada ag na tíortha is cumhachtaí ar domhan de réir eiseamláir na Stát Aonaithe féin.

Ar a shon sin, mura bhfuil Trump luaineach agus treallach ní lá fós é, agus tá sé tugtha le fios aige go bhfuil sé sásta dul i mbun margála leis na tíortha céanna a bhfuil an buille mór eacnamaíochta curtha i gcion aige orthu.

Ar thús cadhnaíochta tá Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann, an Tánaiste Simon Harrris, a mbeidh cruinnithe aige in Washington inniu le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe.

Mar sholaoid eile fós ar luaineacht Trump, ámh, d'fhógair sé aréir go raibh bara faoi taraif mhór a ghearradh ar tháirgí cógaisíochta gan mhoill.

B'olc an iarmhairt do gheilleagar na hÉireann taraif mar é ós luach €58 billiún de tháirgí cógaisíochta a easpórtáltar as an tír seo go dtí na Stáit Aontaithe gach bliain.

Dúirt Trump aréir, mar atá ráite aige go minic, gur le fonn comhlachtaí Meiriceánacha a mhealladh ar ais chun na Stát Aontaithe atá an taraif le gearradh ar tháirgí cógaisíochta.

Go deimhin, tá imní ar dhaoine in Éirinn go dtréigfidh na comhlachtaí sin an tír seo as éadan de thoradh na taraife.

Mar a bheir liom is ea a bheadsa leat, áfach, agus tá rún ag an Aontas Eorpach luach €21 billiún de tharaifí a ghearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe – lena n-áirítear cruach, diamaint, almóinní, oráistí agus pónairí soighe – i ndíol an bhuille atá buailte ag Trump.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ