Tá idir theaspach agus thriomach geallta ar fud na tíre as seo go ceann cúpla lá – teaspach de réir Met Éireann agus triomach de réir Uisce Éireann – agus deirtear go mbeidh an teocht chomh hard le 20 céim inniu agus 21 céim amárach.
Dúirt Gerry Murphy ó Met Éireann gur taifeadadh an teocht is airde go nuige seo i mbliana i gCo Mhaigh Eo inné, áit a raibh sé chomh hard le 20.2 céim ar feadh scaithimh.
Is in iarthar na tíre is brothallaí a bheas sé arís inniu, arsa an meitéareolaí.
Thug sé le fios freisin go dtitfidh an teocht de réir a chéile ón Aoine beag seo i leith agus dúirt gur thart ar thrí chéim déag ar an meán a bheas sé an tseachtain seo chugainn.

Sin an teaspach ... agus mar leis an triomach tá Uisce Éireann ag achainí ar an bpobal a bheith spárálach agus uisce a chaomhnú.
Tar éis nach bhfuil ann ach nádúr an duine níos mó uisce a ól in aimsir the, a deir an comhlacht, ní mór do dhaoine cuimhneamh orthu féin sula níonn siad a ngluaisteáin, cuir i gcás, lena chinntiu go mbeidh dóthain uisce ann i gcaitheamh an tsamhraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ