Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

29 Palaistíneach maraithe ag Iosrael i gCathair Gaza

09 APRIL 2025, 12:30

Lorg na buamála i gCathair Gaza
X Facebook

Tuairiscítear gur maraíodh 29 duine, leanaí ina measc, agus gur leonadh go leor nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael áras cónaithe ilstórach i mbruachbhaile in oirthear Chathair Gaza.

Deirtear freisin go bhfuil tuilleadh daoine fós sáinnithe faoi smionagar an fhoirgnimh.

An tseachtain seo caite, d'ordaigh na hIosraelaigh do mhuintir an bhruachbhaile sin imeacht as an gceantar mar go raibh rún acu tabhairt faoi lucht airm Hamas a dúirt siad a bhí bunaithe ann.

Deir na húdaráis sláinte in Gaza go bhfuil 1,400 duine ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ón 18 Márta.

Taidhleoirí idirnáisiúnta a bhfuil guthaíocht acu ar an scéal, níl mórán dóchais acu go gcuirfear i bhfeidhm aon sos comhraic go gairid, go háirithe ós gráinne nár ghabh gort an sos comhraic mar dhóigh de a fógraíodh dhá mhí go leith ó shin.

Áirítear 50,800 Palaistíneach ar a laghad a bheith maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le bliain go leith.

Is i gcine-éiric an 1,200 duine a mharaigh Hamas i ndeisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 atá an t-ár á dhéanamh ar na Palaistínigh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ