Tá deireadh curtha leis an gcás Ard-Chúirte a bhí múinteoir scoile a thabhairt maidir le próiseas smachta a bhí a fostóir ag iarraidh a thionscnamh ina haghaidh.
Baineann an scéal le líomhaintí faoi fhir a bheith á mbréagadh ar líne ag bean a thug ainm bréige uirthi féin, fir atá páirteach in imeachtaí Chumann Lúthchleas Gael go háirithe.
Tháinig an scéal chun solais nuair a fuarthas amach gur cluanaíocht a bhí ar bun ag an mbean.
Séanann an múinteoir, Niamh Farrell as Port an Dúnáin i gCo Ard Mhacha, gurb ise an bhean atá i gceist.
Tá Niamh Farrell ag múineadh i gColáiste Éanna i Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath.
An mhí seo caite, fuair sí urghaire cúirte a chuir cosc ar an scoil próiseas smachta a thionscnamh ina haghaidh.
Cuireadh an cás ar atráth an lá sin le deis a thabhairt don scoil freagra a réiteach.
Nuair a tháinig an cás os comhair na hArd-Chúirte arís inniu, thug abhcóide Niamh Farrell le fios go raibh an t-aighneas réitithe mar gur chinn an scoil gan leanúint leis an bpróiseas smachta.
D'fhiafaigh an Breitheamh Brian Cregan den abhcóide arbh ionann sin is a rá gur glacadh leis nárbh í Niamh Farrell an bréagadóir idirlín agus gur iomrall aithne a bhí i gceist.
Is é a dúirt an t-abhcóide go raibh deireadh curtha ag an scoil leis an bpróiseas smachta agus thug le fios nach bhféadfadh sé a thuilleadh a rá.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ