Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, ciontaiodh fear 23 bliain d'aois i bhfear 65 bliain a dhúnmharú i gCo Chill Dara cúig bliana ó shin.
Phléadáil Brian Ibe neamhchiontach sa dunmharú ar an mbonn go raibh sé as a mheabhair ag an am, mar a mhaígh sé.
Chaith an giúiré seacht n-uaire an chloig le trí lá ag déanamh a marana ar an gcúis agus tráthnóna inniu chiontaigh siad Brian Ibe d'aon ghuth i ndúnmharú Peter Kennedy a ndearnadh ionsaí brúidiúil air ina theach cónaithe i nDroichead Nua ar an 28 Aibreán 2020.
Fuair Peter Kennedy bás san ospidéal ar an 12 Bealtaine, coicís i ndiaidh an ionsaithe.

I dtriail Brian Ibe, dúirt beirt shíciatraithe ar a shon go raibh síocóis scitsifréineach air nuair a mharaigh sé Peter Kennedy.
Os a choinne sin, dúirt síciatraí eile gur neamhord pearsantachta díshóisialta – seachas scitsifréine – a bhí ag dul do Brian Ibe.
Dúirt an Breitheamh Melanie Greally leis an ngiúiré gur faoin gcúisí a bhí sé a chruthú i ngach cás mar é go raibh sé as a mheabhair ag an am agus nach raibh sé freagrach as a raibh déanta aige.
Cuireadh Brian Ibe siar faoi choinneáil go dtí an 19 Bealtaine, tráth a ghearrfar príosúin saoil air mar atá sainordaithe de réir dlí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ