Chuaigh léirsitheoirí sa bhealach ar roinnt feithiclí a bhí le cur i mbun obair thógála ar an trá in Aird Mhór i gCo Phort Láirge ar maidin inniu.
Baineann an scéal le haighneas faoi ionad spóirt uisce atá le tógáil ar an trá mar chuid d'fhiontar forbartha.
Dar le daoine áitiúla go gcothóidh an t-ionad nua fadhbanna nua sa cheantar.
Tá imní orthu, a deir siad, go gcuirfidh an t-ionad isteach ar chomhshaol na háite agus go mbeidh tuilte ann dá bharr.
Tá leithris le tógáil ann freisin agus deir na háitritheoirí go mbeidh tuilleadh camrais ann dá mbarr.
Ina cheann sin, ar siad, ní bheidh cead isteach acu féin sa chuid sin den trá feasta.
Tá na háitritheoirí ag iarraidh ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus ar Fháilte Éireann na ceisteanna sin ar fad a chur san áireamh agus malairt plean a cheapadh.
Deir an t-údarás áitiúil gur saoráid den scoth a bheas san ionad nua, lena n-áireofar bóthar faoisimh, siúlbhealach, tuilleadh spásanna páirceála, bacainní cosanta mara, stáisiún garda tarrthála, suíocháin, cithfholcadáin agus losáin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ