Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Airí trádála an Aontais Eorpaigh ar aon intinn faoi tharaifí'

08 APRIL 2025, 15:40

Gluaisteáin réidh le seoladh thar sáile i gcalafort Taicang in oirthear na Síne
X Facebook

Is gach aon tír a bhíonn caillteach leis nuair a théitear i muinín taraifí agus fritaraifí, a dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an Tánaiste Simon Harrris, tar éis cruinniú a bhí aige i Lucsamburg inné le hairí trádála eile an Aontais Eorpaigh.

Dúirt an Tánaiste go raibh rún aige an pointe sin a chur i bhfáth ar oifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe i gcomhráite a bheas aige leo in Washington as seo go ceann cúpla lá.

Thug sé le fios go raibh sé an-sásta go raibh ballstáit an Aontais Eorpaigh ar aon intinn faoin gceist agus dúirt go ndearnadh dul chun cinn i gcruinniú na n-airí trádála inné maidir le tionscail an-tábhachtacha a chosaint, go háirithe an earnáil deochanna agus an earnáil déiríochta.

Tá Rialtas na Síne ag gealladh an fód a sheasamh in aghaidh na dtaraifí atá gearrtha ar an tír sin ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump.

An tseachtain seo caite, d'fhógair Trump go ngearrfadh sé taraifí de 34% ar earraí ón tSín – i gceann an 20% a ghearr sé orthu cheana.

Mar chor in aghaidh an chaim, d'fhógair na Sínigh go ngearrfaidís féin taraifí de 34% ar earraí ó na Stáit Aontaithe ó Déardaoin seo chugainn.

Arís ar ais, mar cham in aghaidh an choir, bhagair Trump 50% eile fós a chur leis na taraifí a ghearrfaí ar an tSín.

Dúmhál agus dearmad ar mhuin dearmaid atá na Meiriceánaigh a dhéanamh, áfach, dar leis na Sínigh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ