Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Cogadh trádála le dul i gcion ar an margadh tithíochta'

08 APRIL 2025, 15:13

€404,000 an meánphragas a híocadh ar áit chónaithe sa tír seo in 2024
X Facebook

Tugtar le fios i dtuarascáil nua go rachaidh an cogadh trádála atá os cionn an domhain, go rachaidh sé i gcion ar an margadh tithíochta sa tír seo.

Daoine atá ag obair do chomhlachtaí ilnáisiúnta agus a shaothraíonn pá mor, is iad is mó thar aon dream eile atá ag ceannach tithe in Éirinn faoi láthair, a deirtear sa tuarascáil ó lucht an tsuímh ghréasáin MyHome.ie i gcomhar le Banc na hÉireann.

Fágann sin, a deirtear, go bhféadfaí an bonn a bhaint den mhargadh go tobann dá n-imeodh cogadh trádála ó smacht.

Ós comhlachtaí Meiriceánacha iad formhór na gcomhlachtaí ilnáisiúnta atá bunaithe in Éirinn, táthar imníoch go dtréigfidh siad an tír seo mar gheall ar na taraifí atá Rialtas na Stát Aontaithe le gearradh ar a gcuid táirgí.

Soilsítear sa tuarascáil freisin an neamhréir idir an t-ardú a bhí ar phraghsanna tithe anuraidh agus an t-ardú a bhí ar an meánphá.

Is ardú de 8.7% a bhí ar phraghsanna tithe le hais ardú de 5.6% ar phá.

Deirtear chomh maith gur €404,000 an meánphraghas a híocadh ar áit chónaithe anuraidh, sin a ocht n-oiread níos mó ná an meántuarastal bliantúil de €51,000.

Dúirt príomheacnamaí Bhanc na hÉireann Conall Mac Coille gurb in an bhearna is mó ó 2009.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ